Sex Drive
Seanfhoirmle na scannán déagóra

Is scannán greanmhar é seo, in áiteanna, ach d’fhéadfaí é a thuar de bharr sheanfhoirmle na scannán déagóra atá úsaidte aige. Is é, cuirtear cíocha agus tóineanna os ár gcomhair go luath ann.

Buaileann an príomhaisteoir Ian (Josh Zuckerman) le cailín ar an idirlíon, Ms. Tasty (Katrina Bowden), a gheallann dó go gcodlóidh sí leis más rud é go dtiomáineann sé síos chuici sa ghluaisteán a deir sé a bhfuil aige.

Is Pontiac GTO atá ann, é so-aitheanta ó Dukes of Hazard agus roinnt mhaith scannán a léirigh an Duke dúinn ó shin.

Tá Ian agus cara leis, Lance (Clark Duke), le dul trasna na Stát Aontaithe chun bualadh le Ms. Tasty ach, mar is amhlaidh le scannáin déagóirí, athraítear an plean orthu.

Gheall Ian le cailín eile, Felicia (Amanda Crew), go caitheadh sé an deireadh seachtaine léi ag crochadh thart mar chairde, agus dár ndóigh bíonn uirthi teacht leo, agus dár ndóigh tá sí dathúil agus tá easpa muiníne aici le gach buachaill seachas Ian.

Tarlaíonn an-chuid rudaí áiféasacha dóibh ar a mbealach trasna na tíre, agus más rud é go mbíonn fonn ort breathnú ar scannáin mar seo, cuirfidh sé ag gáire thú.

Rud eile dearfach faoi ná na haisteoirí ceannúla. Cé nach bhfuil orthu aon charachtar nua a chumadh, nó an iomarca struis aisteoireachta a chur orthu féin, déanann an príomhthriúr jab maith de. Níl aithne againn orthu sa tslí chéanna a bhfuil aithne againn ar Will FerrellBen Stiller, agus cuireann sé seo leis an scannán. Cabhraíonn sé seo linn breathnú ar na heachtraí uilig, agus ar an magadh uilig, gan éirí tuirseach den scríbhneoireacht intuartha.

Tá cuma ar an scannán a chuirfeadh brabhsáil idir leathanaigh ríomhaireachta i gcuimhne duit. Tarlaíonn sé nuair a bhíonn Ian ag labhairt le Ms Tasty tríd freastalaí comhrá anaithnid.

Agus é ag éirí níos coitianta bheith ag déanamh comhrá le do chairde ar líne, ar MSN abair, agus bheith ag breathnú ar scannáin ar an idirlíon ag an am céanna, is dóigh go mbeidh an stíl seo scannánaíochta éifeachtach intuigthe, go háirithe do lucht féachana níos óige. Is cinnte go n-úsáidfear arís é amach anseo toisc a éifeachtaí is atá sé comhrá dochloiste a léiriú don lucht féachana agus is léiriú maith é ar líon an eolais a bhfuil taithí againn breathnú air anois ag an am céanna, rud a bhfeicfear níos mó de amach anseo.

Más déagóir tú agus tú ag breathnú ar Sex Drive in éineacht le do leannán, taitneoidh an chríoch mhaoithneach leat, agus más aon duine eile thú, beidh gáire nó dhó agat le linn an scannáin, ach go háirithe le carachtar Seth Green, Ezekial, atá iontach searbhasach.