Timbuktu (12A)
Léiriú daonna ar an fhulaingt a lean i ndiaidh gur ghlac Jiohádaigh seilbh ar thuaisceart Mhailí sa bhliain 2012.
Dráma séimh mothálach suite i gcathair chlúiteach Timbuktu, atá faoi smacht forghabhála ag mílístí Ioslamacha.
Tá gnáthnósanna an bhaile iompaithe bun os cionn; ní cheadaítear peil a imirt ná tobac a chaitheamh, cluintear saighdiúirí Ansar Dine agus iad ar patról fán bhaile ag scairteadh amach dlíthe nua, ceistítear muintir an bhaile agus imíonn siad gan taisc ná tuairisc.
Sna dumhcha, ní i bhfad ó Timbuktu, cónaíonn aoire eallaigh Kidane (Ibrahim Ahmed) lena bhean Satima (Toulou Kiki), a iníon Toya agus an tréadaí óg Issan.
Is ar éigean go bhfuil a fhios acu go bhfuil cos ar bolg atá á dhéanamh ar mhuitir an bhaile mhóir ach tá buille mór chun iad a bhualadh go tobann chomh maith.
Le sárthaispeántas ó Ibrahim Ahmed (aisteoir den chéad uair), faoi stiúir an Fhrancach-Mhuirísigh Sissako, atá mar mháistir i measc scannánóirí, ainmníodh Timbuktu do ghradam Oscar seo chatagóir ‘An Scannán is Fearr i dTeanga Iasachta’ i mbliana.
Scannán cumhachtach é seo ar fiú á fheiceáil ar an scáileán mór.
Danny Collins (15)
Bunaithe ar fhíorscéal tá Al Pacino mar cheann feadhna i bpáirt an racaire Danny Collins, a bhí go mór i réim sna 1970í.
Agus é ag dul anonn in aois, faigheann sé deacair géilleadh dá nósanna seanbhunaithe… is iad sin cóisireacht, ragairne agus craic go maidin.
Tagann athrú ar an scéal, áfach, nuair a thagann a bhainteoir (Christopher Plummer) ar litir scríofa ag John Lennon, litir a bhí i bhfolach ar feadh beagnach dhá scór bliain.
Scannán éadrom a spreagfaidh idir gháire agus mhachnamh a leanann Danny agus é ar thuras a chuireann ar bhealach a leasa é.
Faoi stiúir Dan Fogelman, tá Jennifer Garner, Al Pacino, Josh Peck, Michael Caine, Katarina Cas, Annette Bening sa chliar.