Fógraíodh inniu go mbeadh leagan Gaeilge den scannán úrnua, The SpongeBob Movie: Sponge Out of Water, ar taispeáint i bpictiúrlanna Éireannacha.
Paramount Pictures an mórchomhlacht taobh thiar de SpongeBob an Scannán: Spúinse as Uisce agus chuaigh siad i gcomhpháirtíocht le TG4 chun Gaeilge a chur ar an fhadscannán úr.
“Tá áthas an domhain orainn go raibh an deis seo againn comhoibriú a dhéanamh le TG4 agus Spongebob a eisiúint inár dteanga náisiúnta,” arsa Niamh McCaul, Bainisteoir Ginearálta Paramount Pictures Ireland.
“Is í seo an chéad uair riamh a ndearna stiúideo de chuid Hollywood a leithéid agus tá súil agam go dtugann lucht féachana na hÉireann lán tacaíochta don tionscnamh.”
Is é an comhlacht léiriúcháin as Baile Átha Cliath, Macalla Teoranta, a dhéanann dubáil ar chartúin Spongebob ar TG4 agus is iad atá ag cur Gaeilge i mbéal na spúinse clúití don scáileán mór.
“Tá foireann aisteoirí againn a bhfuil taithí mhaith acu i mbun guthanna ar Spongebob ach is rud eile ar fad é an scannán nua 3D seo a bheas ar fáil sna pictiúrlanna,” arsa Jane Farley ó Macalla Teoranta.
“Tá muid ar fad ag súil go mór leis!”
Agus is amhlaidh an scéal le Gaeil ar fud na tíre… bíodh an grán rósta réidh!
Eiseofar SpongeBob an Scannán: Spúinse as Uisce ar 27 Márta.