Stiúrthóir ‘An Cailín Ciúin’ ainmnithe do ghradam an ‘Rising Star’ ag IFTA

 Tá Colm Bairéad, stiúrthóir an scannáin Gaeilge An Cailín Ciúin, i measc na ndaoine a ainmníodh ar maidin do ghradam an Rising Star ag Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann (IFTA). Ba é Colm a scríobh agus a stiúir An Cailín Ciúin,  a taispeánadh den chéad uair in Éirinn ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath an mhí seo caite. 

Is é An Cailín Ciúin an chéad fhadscannán ficsin de chuid Choilm Bhairéid, scannán a taispeánadh cheana in Berlin na Gearmáine agus in Cannes na Fraince. Bronnadh Gradam an Grand Prix don scannán is fearr air ag féile Berlin. 

Ní hiod é an chéad uair ag Colm a bheith ainmnithe do ghradam scannánaíochta. Ghnóthaigh a chuid gearrscannaán Mac an AtharFinscéal Pháidí agus An tÁdh gradam go leor cheana agus tá cáil nach beag air mar gheall ar a chuid cláracha faisnéise ar TG4 agus ar chainéil eile. Rinne sé an fadscannán faisnéise Mise Éire agus an sraith ceithre clár An Ceoldráma freisin.

Tá An Cailín Ciúin féin ainmnithe in 11 catagóir ag gradaim IFTA, an scannán is fearr ina measc. 

Beidh Colm Bairéad san iomaíocht le Benjamin Cleary, a scríobh agus a stiúir Swan Song; Hazel Doupe, a bhí sa phríomhpháirt sa scannán You Are Not My Mother; Kate Dolan, a scríobh agus a stiúir an scannán céanna; agus Sam Keeley a bhí i ról Eric Kinsella sa tsraith drámaíochta Kin

Craolfar Gradaim IFTA ar Virgin Media One ag 20.30 Dé Sathairn an 12 Márta. 

SCÉALTA EILE