Anocht ag 10.15in ar RTÉ 1 craolfar an mórscannán faisnéise Atlantic a thugann léargas ar an tslí a gcaitear le hacmhainní nádúrtha na farraige agus leis na pobail a mbíonn ag brath orthu.
Tá ardmholadh faighte ag an léiriú seo ar fud na cruinne agus mórdhuaiseanna scannáin bronnta ar an stiúrthóir Risteard Ó Domhnaill, a thuill clú agus cáil lena chlár faisnéise The Pipe tuairim is sé bliana ó shin.
Scéal corraitheach é The Pipe faoin choimhlint ghéar idir muintir Ros Dumhach, i gContae Mhaigh Eo, agus an comhlacht cumhachtach ola agus gáis, Shell.
Ag labhairt dó le NÓS, dúirt Risteard gur cuireadh síol an scannáin úir le linn dó a bheith ag plé le clár an phíoba.
“Tar éis dom a bheith ag obair ar an scannán faoi phobal Ros Dumhach, bhí a lán ceisteanna agam faoin oiread a thit amach sna seomraí boird sa Bhruiséil, faoi na cinntí a bhí déanta maidir leis na hacmhainní nádúrtha, i bhfad ar shiúl ó na pobail iascaireachta féin.”
“Aistear na fiosrachta” a bhí ann, dar le scannánóir Thiobraid Árann.
“Thosaigh mé ar thuras le níos mó a fháil amach agus bhí sé soiléir agus mé ag caint le hiascairí gur tharla an rud céanna; go raibh acmhainn nádúrtha luachmhar eile i lámha chomhlachtaí móra idirnáisiúnta.”
“Ba léir nach raibh mórán measa ag an stát ar an bhfarraige, nó ar na pobail a bhí ag brath uirthi,” ar sé.
Sa scannán, téann Risteard go dtí an Iorua agus Talamh an Éisc i gCeanada le fáil amach an mbeadh ceachtanna ar bith le foghlaim ar dhá thaobh den Atlantach.
“Bhí sé an-difriúil. Rinne siad botúin sa dá áit ach d’fhoghlaim siad ó na ceachtanna,” ar seisean.
“In Éirinn, tá muid ag déanamh an ruda chéanna arís agus arís eile. Níl le déanamh ach féachaint ar a bhfuil tarlaithe i gcás na feamainne, acmhainn shaibhir eile atá tugtha ar shiúl.”
Scannán é Atlantic a phléann le ceist shóisialta thábhachtach ach tugtar tús áite den scéal “fíor-phearsanta” a bhaineann le triúr iascairí atá ag maireachtáil i gcúinní éagsúla den Atlantach.
“Daoine an-láidre iad agus thabharfá faoi deara cé chomh cosúil le chéile atá na hiascairí in Éirinn, san Iorua agus i dTalamh an Éisc.”
Idir ghreann agus bhrón, faightear an-tuiscint ar shaol na n-iascairí le linn an scannáin.
Is é sin bua an mheáin ar leith seo, dar le Risteard.
“Tugann cláir fhaisnéise deis duit an scéal iomlán a léiriú, daoine a mhealladh isteach sa domhan sin agus a choinneáil ann.”
Cuidíonn sé ar ndóigh go bhfuil Brendan Gleeson (ar dheis thíos i dteannta le Risteard Ó Domhnaill agus léiritheoir Atlantic Marie Therese Garvey) ag inse an scéil agus tuigeann Risteard go maith é sin.
“Cinnte, d’oscail sé doirse leis na meáin mhóra.”
“Tá meas mór ar Breandan agus tá an-áthas orm go raibh sé sásta a bheith páirteach ann.
“Tá guth an Atlantaigh aige; garbh ach fileata ag an am céanna agus tá láithreacht aige a rinne seirbhís mhaith don scannán.”
Obair ceithre bliana a bhí in Atlantic, idir an taighde, an scannán a thaifeadadh agus a ghearradh agus an maoiniú a bhailiú isteach.
Chun tús a chur leis an léiriú, bhí ar chomhlacht léiriúcháin Risteard, Scannáin Inbhear, €56,000 a chruinniú trí shlua-mhaoiniú.
Mhínigh Risteard gurb í ceist an airgid agus an easpa tacaíochta atá ar fáil do scannánóirí mar é an bac is mó roimh thogra ar bith amach anseo.
Agus lá craolta an scannáin buailte linn, is é an sprioc is mó atá ag Risteard ná go músclóidh an scannán spéis sna huiscí thart orainn.
“Is oileánaigh muid ach is beag eolais atá againn faoi shaol na farraige agus ba dheas an rud é go mbeadh tuiscint níos fearr ag daoine faoi cad atá ag dul ar aghaidh san fharraige tar éis dóibh Atlantic a fheiceáil.”
Tiúin isteach ar RTÉ 1 ag 10.15in anocht chun an tuiscint sin a aimsiú.