Súil ar na hOscars!

Bhí Caoimhe Ní Chathail ag sú isteach an oiread a thit amach ag mórghradaim scannáin na bliana Na hOscars aréir! 


Ní bhíonn na hOscars riamh gan chonspóid agus is cinnte gurb é an scéal is mó a fhanfaidh i gcuimhne daoine ná an bomaite uafásach sin nuair a scairteadh amach ainm La La Land in áit Moonlight don scannán is fearr.

Bhí foireann La La Land díreach i lár a gcuid óráidí nuair a fuarthas amach go raibh meancóg déanta ag Warren Beatty agus Faye Dunaway.

I gcead dóibh, tugadh an clúdach mícheart dóibh agus La La Land luaite air.

Anuas air sin, bhí caint ann go raibh cúrsaí polaitíochta ag teacht salach ar na mórghradaim arís.

Le dul i ngleic leis an dearcadh a léiríodh in 2016 go raibh na duaiseanna faoi smacht an chiníochais, ainmníodh níos mó daoine gorma agus daoine de chúlraí éagsúla i mbliana, an 89ú bliain de na hOscars.

Táthar ann a déarfadh gur chóir gur bhain La La Land – scannán físiúil, galánta grá faoi aisteoir óg a thiteann i ngrá le ceoltóir – ‘An scannán is fearr’ ach mar gheall ar an scéal taobh thiar de Moonlight – fear óg gorm ag fás aníos i Miami agus an dóigh ar pléadh leis an ábhar tromchúiseach – sa deireadh ba iad a sciob an mhórdhuais.

Cé gur éirigh le La La Land 6 chinn de na duaiseanna móra a bhaint, ba léir an mhíshástacht a bhí ar léiritheoir feidhmiúcháin an scannáin, Jordan Horowitz, agus fíorbhuaiteoirí na duaise á bhfógairt aige.

Gné eile den oíche nár gur thapaigh cuid mhór daoine ar ardán an deis ráiteas a dhéanamh i gcoinne an Uachtaráin Trump.

Is é fear an tí na hoíche, Jimmy Kimmel, a thosaigh an chaint mar gheall ar an Trumpadóir a bheith ciníoch.

Labhair sé magúil faoi Meryl Streep a bheith leamh ar scáileán, rud a chuir an tUachtarán ina leith.

Níor tháinig an stiúrthóir Asghar Farhadi go dtí amharclann Dolby in LA, cé gur bhain sé duais don scannán eachtrannach is fearr, The Salesman ach léadh amach ráiteas ar son an Iaránaigh ag maíomh nach raibh sé i láthair mar chomhartha measa dá thír féin agus do na sé náisiún eile a bhfuil cosc ar imircigh s’acu taisteal go Meiriceá.

Fiú Gael García Bernal, réalta Mozart in The Jungle, agus é ag léamh amach ainm an bhuaiteora don bheochan is fearr, Zootopia, dúirt, “Mar Mheicsiceach, mar Mheiriceánach Laidineach, mar oibrí imirceach, mar dhuine, tá mé in éadan balla ar bith a dhéanann iarracht muid a scaradh óna chéile.”

Bhí go leor a bhain duais den chéad uair chomh maith.

Bhí Viola Davis, a bhain ‘An Ban-aisteoir Tacaíochta is Fearr’  sa scannán Fences agus Mahershala Ali agus Mahershala Ali a bhain ‘An tAisteoir Tacaíochta is Fearr’ sa scannán Moonlight ina measc.

Comharthaí go bhfuil iarrachtaí a ndéanamh dul i ngleic leis an dearcadh go bhfuil na hOscars ciníoch.

An rud a chuir díomá orm féin faoin oíche ar fad?

Bhí gach duine gléasta go deas, siosmaideach.

Ní raibh aon ghúna a bhí ar mire glan, nó ní raibh aon duine a sheas amach as a bheith ró-ólta, bhí an rud ar fad iontach glan, róghlan b’fhéidir.

An duais a bhí ar iarraidh ón liosta?

Duais don dearthóir éadaí is fearr.

Elie Saab a dhear an gúna is mó a sheas amach a chaith Janelle Monáe, agus an gúna a chothaigh an chonspóid is mó caite ag Meryl Streep – dhiúltaigh sí Chanel a chaitheamh ann!

Le 60% de mhuintir Mheiriceá ag coimhéad ar na hOscars (seachas Donald Trump ar ndóigh) is dóigh liom go raibh go leor le bheith ag caint faoi!

SCÉALTA EILE