Sea, léigh tú sin i gceart.
Tá scannán á phleanáil i láthair na huaire a chuirfidh an sárfhear clúiteach féin, Superman, i gcoinne an ghrúpa chiníoch Mheiriceánaigh, an Ku Klux Klan.
Siar sna 1940í craoladh dráma raidió de chuid Superman dar teideal Clan Of The Fiery Cross agus in 2012 scríobh an t-údar Rick Bowers leabhar faoi, Superman Versus The Ku Klux Klan: The True Story Of How The Iconic Superhero Battled The Men Of Hate.
Anois tá na comhlachtaí scannáin Lotus Entertainment agus Paperchase Films chun an leabhar a chur in oiriúint don scáileán mór.
“Bhí coinsias sóisialta ag an chéad Superman,” arsa Bowers, “agus chuaigh sé i mbun troda le fir a bhuail a mná, polaiteoirí cama, tionsclaithe santacha, deachtóirí agus spiairí Naitsíocha.
“I bhfianaise na staire sin, luíonn sé le ciall go rachadh Superman i gcoinne fhir an fhuatha chomh maith.”
Tá sé deacair easaontú leis an méid sin!
Níl dáta eisithe ag Superman Vs The KKK go fóill ach meastar go mbeidh sé amuigh le linn 2018.