Tá áit i ndomhan seo na sárlaochra do Chaptaen nua

Is aisteach an domhan é ina mhaireann muid faoi láthair. Bhí Lá Idirnáisiúnta na mBan ann an tseachtain seo caite, agus déanadh neart ceiliúradh ar mhná timpeall an domhain. Ag an am céanna, bhí ar an suíomh léirmheas cáiliúil Rotten Tomatoes a phróiseas léirmheastóireachta a athrú mar gheall ar mhaistíní mailíseacha ar an idirlíon ag scríobh agus ag rá rudaí gnéasaíocha agus gránna faoi Brie Larsson sa scannán Is déanaí Marvel, Captain Marvel. 

Taispeánann sé domsa an méid dul chun atá déanta againn mar shochaí agus an méid dul chun cinn atá fós le déanamh againn. Thaispeáin sé dom freisin cé chomh huafásach is atá an tIdirlíon. Dá ba rud fisiciúil é an tIdirlíon, dhóinn go talamh é. 

Tar éis 11 bliain agus os cionn scór scannán, tá sé cineál dochreidte gurb é Captain Marvel an chéad scannán Marvel a bhfuil bean mar an phríomhcharachtar ann. Tháinig Wonder Woman amach in 2017 ach ní Marvel a rinne, agus tá sé craiceáilte cé chomh fada is a thóg sé ar an gcomhlacht ollmhór seo seans a thabhairt do cheann de na céadta sár-laochra baineann ón domhan Marvel. Mar sin, tá sé éasca dearmad a dhéanamh go bhfuil scannán faoin gclampar ar fad atá timpeall air. Ach tá, agus tá sé sách maith. 

Scéal spraíúil é faoi eachtrán ón bpláinéad Kree darbh ainm Vers (Brie Larsson) agus í i gcogadh le heachtráin eile ar a dtugtar Skrulls. Tagann sí chuig an domhan s’againne, agus le cúnamh an tsaighdiúra óig Nick Fury (Samuel L. Jackson) sa mbliain 1995, tagann cuimhní chuici faoi bhean mhistéireach darbh ainm Carol Danvers. 

Bhain mé an-spraoi as a bheith ag breathnú ar an scannán seo. Is scannán a chuir i gcuimhne na scannáin Lethal Weapon agus Star Trek JJ Abrams dom. Scéal faoi mhistéir le gnéithe sci-fi measctha isteach ann. Seo an 21ú scannán sa tsraith, agus bíonn an chontúirt ann go mbeadh an fhoirmle leamh agus leadránach ag chuile cheann, agus cé go dtagann na fadhbanna seo chun cinn ó am go chéile, tá cúpla cora agus casadh sa scéal a choinnigh mo aird. 

Tá Brie Larsson thar cionn, mar a bhíonn i gcónaí, agus tá an caidreamh idir í féin agus Samuel L Jackson ar cheann de na gnéithe is fearr sa scannán.  

Tá na héifeachtaí speisialta go maith freisin den chuid is mó, go háirithe na héifeachtaí le Jackson a dhéanamh níos óige. Nuair a chonaic mé ar dtús é i mo chloigeann dúirt mé ‘Ó mhac tá sé sin go maith’ agus ansin rinne mé dearmad nach raibh Jackson ina chuid tríochaidí go dtí gur thosaigh sé ag rith, mar is féidir leat an t-éadan a dhéanamh chomh hóg le rud ar bith, ach níl aon leighis ar tionchar na haoise ar na cnámha. 

An t-aon locht atá agam ar an scannán ná nach raibh aon radharc aicsin sa scannán a chorraigh mé, mar a bhí sna scannáin Marvel is fearr. Ní hé sin le rá nach bhfuil an t-aicsean go maith, ach nuair a bhí chuile rud eile sa scannán chomh maith sin, bhí cineál díomá orm nach raibh radharc amháin aicsin ann a sheas amach.

Nuair a tháinig mé amach as an bpictiúrlann aréir, bhí mé den tuairim nach raibh aon rud nua anseo do lucht leanúna Marvel. Ach inniu, lá ina dhiaidh, bhí mé ag iarradh níos mó a fheiceáil den charachtair seo. Airím ar an gcaoi chéanna a d’airigh mé faoi charachtair Chris Evans, Captain America; anois agus an chéad scannán amach as an mbealach, is féidir rudaí fíorshuimiúil a dhéanamh leis an gcarachtar seo. Agus le Evans ag rá gurb é Avengers: Endgame a scannán deiridh ar feadh píosa, tá áit sa domhan seo lán le sár-laochra le haghaidh captaen nua.

SCÉALTA EILE