Tá domhan Harry Potter loite ag JK Rowling

Ar nós aon duine a d’fhás aníos sna nóchaidí agus ag tús an chéid nua, bhí mé an-tógtha le domhan Harry Potter agus leis na carachtair agus an scéal a chruthaigh JK Rowling. Nuair a chríochnaigh na an tsraith leabhair in 2007, d’fhág sé poll mór i mo shaol agus ní raibh uaim ach tuilleadh Harry Potter a aimsiú.

Agus anois, leis an dráma The Cursed Child ar stáitse i Londain agus an scannán is déanaí sa tsraith Fantastic Beasts sna pictiúrlanna faoi láthair, shílfeá go bhfuil chuile rud bhí uaim deich mbliana ó shin agam. Bhí agam a bheith sásta leis an méid a bhí ann cheana, mar le Fantastic Beasts The Crimes of Grindelwald, tá mé bréan den domhan a raibh grá agam dó deich mbliana ó shin.

Níl aon chiall leis an scéal, mar sin ní chuirfidh mé síos air. Rud éigin faoi Grindelwald (Johnny Depp i bpáirt Johnny Depp fionn) agus é ag iarraidh leantóirí a bhailiú, ach ní féidir leis na draoithe maithe é a stopadh. Tá níos mó i gceist, ach i ndáiríre airíonn sé ar nós réamhbhlaiseadh don chéad scannán eile sa sraith, agus cuireann sé sin déistin orm. 

Thaitin an chéad Fantastic Beasts liom, bhí Eddie Redmayne an-mhealltach mar Newt Scamander, agus thaitin na créatúir dhifriúla ar fad liom. Ach níl mórán le déanamh acu sa scannán seo. Go deimhin, aon charachtair a thaitin liom sa chéad ceann, níl siad ag déanamh mórán anseo, agus ina n-áit tá carachtair ar nós Leta Lestrage (Zoe Kravitz) atá ann le ceangail a dhéanamh leis na bunscannáin Harry Potter agus le scéal nach bhfuil ciall leis.

 Tá cumas scríofa ag Rowling i gcás leabhair agus carachtar, ach ní aistríonn na scileanna sin atá aici go scríobh scripteanna.  Chomh maith leis sin, shílfeá go bhfuil siad tar éis fáil réidh leis na gnéithe éagsúla a rinne an domhan draíochta ar an gcéad dul síos. Níl aon róbaí, níl mórán créatúir dhraíochta, agus tá na seiteanna ar fad leamh agus liath, ní daite agus aisteach mar a bheadh tú ag súil leo i scannán mar seo. 

An t-aon rud maith faoin scannán ná léiriú Jude Law ar Dumbledore. Déanann sé jab ar Dumbledore atá i bhfad níos gaire don charachtair sna leabhair Harry Potter ná Michael Gambon ná Richard Harris. Níl an fhéasóg aige, níl na róbaí air, ach sna súile agus an bealach atá aige, tá sé i bhfad níos cosúla leis an Dumbledore a bhí agamsa i m’aigne nuair a léigh mé na leabhair ar dtús. 

Is scannán dona é Fantastic Beasts: The Crimes of Grindelwald. Sin é bun agus barr na léirmheasa seo. Níl ord ná eagair ar an scéal, aon charachtair a bhí suimiúil sa chéad scannán tá siad ar leataobh anseo agus carachtair nua leamha tugtha isteach ina n-áit, agus loiteann sé an miotas a cruthaíodh deich mbliana ó shin. 

SCÉALTA EILE