Tá na troill ar ais

Téigh siar go 1994.

Dá siúlfá isteach chun tí s’againne bheadh an t-uafás troll ina luí fud fad na háite.

Troill le gruaig chorcra, ghorm, oráiste… bhuel i ndáiríre bhí cailíní Uí Ruanaidh iomlán millte agus bhí gach dath faoin spéir againne!

Bhí na bábóga beaga bídeacha i mbarr a réime le linn m’óige agus mar sin de bhí mé ar cipíní chun Trolls a fheiceáil.

Ach faraor ní raibh an scannán ag teacht le cuimhní m’óige ar chor ar bith.

Smaoinigh ar Smurfs agus Mama Mia curtha le chéile, dhá scannán nach raibh thar mholadh beirte dar liom, agus gheobhaidh tú brí an scannáin seo.

Is cinnte nach bhfuil an scannán ar an chaighdeán chéanna le scannáin eile de chuid Dreamworks, Shrek mar shampla, atá dírithe ar pháistí agus ar dhaoine fásta araon.

Leis sin ráite bhain mo nia óg an-sult as gan dabht, ach ní raibh an scéal spéisiúil go leor chun m’aird féin a choinneáil.

Díríonn an plota ar an dream is sona ar dhroim an domhain, na troill, ach taobh lena ndomhan ceolmhar grámhar féin tá domhan na mBergen ann.

An féidir libh Shrek a shamhlú le póit uafásach air?

Nó fiú smaoinigh ar an chruth a bhíonn orainn uilig i ndiaidh Oireachtas na Samhna – bhuel sin mar atá Bergens seo.

Is dream gruama gránna iad na Bergens nach bhfuil ábalta a bheith sona in aon chor.

Sin ráite, níl rud ar bith a dtaitníonn níos fearr ar domhan leo ná a bheith ag ithe ár gcairde gleoite gruagacha.

Bronntar Trollstice ar an chleachtas cruálach seo.

Éiríonn le King Peppy (Jeffrey Tambor) Trollstice a sheachaint ag tús an scannáin agus na troill uilig a ghlacadh go talamh slán.

Ach 20 bliain ina dhiaidh sin, tá King Peppy ag dul in aois agus tá a iníon, an banphrionsa Poppy (Anna Kendrick) i gceannas anois.

trolls

Eagraíonn Poppy (thuas) cóisir ollmhór chun fuascailt na dtroll a cheiliúradh.

Déanann sí seo in ainneoin rabhadh a cara Branch (Justin Timberlake).

Dar leis, ba cheart do Poppy a bheith airdeallach faoi na Bergens go fóill, ach b’fhearr le Poppy díriú isteach ar an scléip.

Iontas na n-iontas, bhí an ceart ag Branch agus tagann cócaire na mBergens, Chef (Christine Baranski), ar cheanncheathrú na dtroll.

Fuadaíonn Chef cairde Poppy chun Trollstice ollmhór a cheiliúradh in onóir Phrionsa na mBergen, Gristle (Christopher Mintz-Plasse).

Níor bhlas Prionsa Gristle troll ariamh agus tá sé ag dúil go mór leis.

Leanann muid Poppy agus Branch ar a dturas chun a gcairde a shábháil, le Poppy ag baint ceoil as an saol agus ag canadh léi gach seans a fhaigheann sí.

Más duine mór ceoldrámaí thú, seans go dtaitneoidh sé níos mó leat mar go bhfuil réimse breá amhrán sa scannán seo – is ceoldráma atá ann i ndáiríre.

Cluintear roinnt mhaith golden oldies Motown ann, leithéidí Lionel Richie.

Bainfidh na páistí sult as na radharcanna ildaite uilig agus is cinnte go bhfuil neart grinn ghraosta ann: bíonn roinnt de na troill ag bromadh cistí, ní féidir gan gáire aige sin, is cuma cén aois thú!

Mar aon le gach scannán Dreamworks eile, bhí mórtheactaireacht taobh thiar den cheol agus den eachtraíocht.

Léiríonn na troill nach gá duit rudaí a ithe, nó ní chaithfidh tú rudaí a cheannacht chun sonas agus sásamh a bheith agat sa saol.

Tá sonas taobh istigh ionainn ar fad, go háirithe má tá do chairde agus clann leat… ach nach mé a bhí míchompordach leis an teachtaireacht seo.

Bhí píosa den chur i gcéill ag baint leis.

Tá fimíneacht ann fiú, go háirithe nuair a bheas Dreamworks ag brú earraí Trolls orainn go luath, díreach in am do Dhaidí na Nollag!

Beidh na siopaí lán le táirgí na dtroll agus beidh brú ar thuismitheoirí na bábóga céanna a cheannach chun a bpáistí a choinneáil sona an Nollaig seo.

Beidh orm cuardach a dhéanamh san áiléar le feiceáil an bhfuil aon bhábóg bheag go fóill i dteach Uí Ruanaidh, thiocfadh liom cúpla punt a shaothrú mé féin thar am Nollag… ní faide gob na gé ná gob an ghandail!


Tá Trolls ar taispeáint i bpictiúrlanna na tíre faoi láthair.

SCÉALTA EILE