Le tamall anuas bhí mé le liosta de na scannáin a bhí mé ag iarradh a fheiceáil an samhradh seo a chur le chéile. D’athraigh sé i gcónaí ach bhí scannán amháin ag barr an liosta — Yesterday.
Ó mhí Feabhra nó mar sin ann, bhí ábhar poiblíochta feicthe agam chuile áit le haghaidh scannán nua Danny Boyle agus Richard Curtis, a bhfuil ceol ó The Beatles ann. Is maith liom Richard Curtis, is breá liom Danny Boyle, agus is aoibhinn liom The Beatles. Bhí mé ar bís.
Mar sin, bhí mé ag dul isteach sa scannán ag súil le teacht amach ina dhiaidh le gliondar ar mo chroí, ag canadh ‘Here Comes The Sun’ in ard mo ghutha an bealach ar fad abhaile. Ach ina áit sin, tháinig mé amach as an bpictiúrlann agus díomá ar mo chroí — ach mé fós ag canadh ‘Here Comes The Sun’, mar is amhrán deas é agus bhí an aimsir go breá.
Ní hé go bhfuil an scannán seo go dona, níl ann ach nach bhfuil aon chroí ná anam ann. Rud a chuir ionadh orm, mar bhí na heilimintí ar fad ann. Tá an scéal sách suimiúil — leantar an t-amhránaí agus an scríbhneoir Jack Malik (Himesh Patil), agus a bhainisteoir/tiománaí/cara Ellie (Lilly James) agus iad ag iarradh réalta cheoil a dhéanamh de Jack.
Níl ag éirí leo go dtí go ndúisíonn Jack suas tar éis timpiste agus foghlaimíonn sé gurb eisean an t-aon duine ar domhan gur cuimhin leis The Beatles. Mar sin, socraíonn sé ar amhráin Lennon agus McCartney a thaifeadadh mar a chuid amhrán féin, agus baineann sé clú agus cáil amach mar gheall orthu.
As sin, téann an scannán sa treo ina mbeifeá ag súil leis, ach gan aon draíocht, cruthaitheacht ná spraoi.
Fiú an scéal grá, rud atá Curtis an-mhaith a scríobh, níor chuir mé aon suim ann.
Níor airigh mé go raibh aon charachtar réalaíoch, mar sin níor thréaslaigh mé le Jack agus a chuid rún. Go deimhin, níor thaitin Jack liom ar chor ar bith, rud atá tábhachtach do phríomhcharachtar i scannán mar seo. Ní chuirim an milleán ar Himesh Patil anseo, cé gurb é seo an chéad phríomhscannán aige – cuirim an milleán ar an scríbhneoireacht.
Mar a deir mé, áfach, ní drochscannán é seo. Tá cúpla radharc barrúil ann agus tá Patil in ann canadh, bail ó Dhia air. Tá an aisteoireacht go maith den chuid is mó, Lily James agus Kate McKinnon ach go háirithe, agus déanann Sanjeev Baskar, Alexander Arnold agus Joel Fry an méid agus is féidir leo leis an méid a tugadh dóibh.
Agus breathnaigh, tá an ceol thar cionn. Fiú amhráin Ed Sheeran, cuireann siad leis an scannán an méid céanna is a chuireann amhráin The Beatles. Ach is aisteoir fíordhona é Ed. Caithfidh sé go ndúirt sé le duine éigin go raibh sé ag iarradh a bheith ina aisteoir agus tugadh an iomarca dó le déanamh anseo, agus faraor, an t-aon rud a léirigh sé ná nach bhfuil bua na haisteoireachta aige.
Neart buanna eile, ach ní aisteoireacht.
Níor luaigh mé Danny Boyle, stiúrthóir an scannáin fós, agus tugann sé sin le fios a laghad a chuaigh a chuid stiúrthóireachta i bhfeidhm orm anseo. Níl aon chruthaitheacht in aon radharc, agus ní airíonn sé ar nós gur fhág sé a lorg ar aon rud.
Bhí mé ag súil le trí rud ón scannán seo ar a laghad: an chruthaitheacht ó Danny Boyle; an croí ó Richard Curtisl agus an ceol ó The Beatles. Ach ní bhfuair mé ach gné amháin acu siúd — an ghné a mhair in ainneoin an scannáin seo.