‘Tabhair leat fobhríste breise chuig an bpictiúrlann’

Ní duine mé a chuireann mórán spéise scannáin uafáis, ach sna míonna atá caite agam ag scríobh do NÓS rinne mé mo chuid taighde, agus chomh maith le dul ag breathnú ar scannáin nua uafáis a tháinig amach ar nós The Quiet Place rinne mé iarracht breathnú ar chlasaicí ar nós The Exorcist agus The Texas Chainsaw Massacre. Mar sin nuair a chonaic mé an réamhbhlaiseadh don scannán nua Hereditary, d’airigh mé go raibh mé ullmhaithe lena aghaidh. 

Bhí mé réidh don uafás sa scannán seo agus chreid mé gur chruthaigh mé blaosc crua timpeall orm féin, agus nach bhféadfadh aon scannán aon eagla a chuir orm arís go deo. 

Bhí mé mícheart.

Níl scannán chomh scanrúil seo feicthe agam riamh. Fiú amháin ag smaoineamh siar air anois tá mo chroí ar crith agus mo phutóga ag preabadh. Ag croílár an scéil tá Annie (Toni Collette), a bhfuil a máthair chantalach agus ghéar tar éis bháis, ag fágáil ina diaidh boscaí atá líonta le rúin. 

Sa teaghlach freisin tá a fear Steven (Gabriel Byrne) agus na páistí Peter (Alex Wolff) agus Charlie (Milly Shapiro),  a raibh ceangal aisteach aici lena seanmháthair, agus a chaitheann a cuid ama ag déanamh bréagáin as colúir mharbha. Agus ní shin é an rud is aistí sa scannán fiú. Cosúil le scannán maith uafáis eile The Babadook, téann an scannán seo i ngleic le téamaí casta ar nós an bháis agus bás clainne, ach ar bhealach atá míle agus céad uair níos scanrúla agus níos déine ar an gcroí. 

Tá sé ráite agam cheana go dtéim ag breathnú ar scannáin uair nó dhó eile le léirmheas ceart a dhéanamh orthu, ach ní gá é sin a dhéanamh leis an scannán seo, mar tá radhairc ann nach ndéanfaidh mé dearmad orthu go deo, más maith nó olc liomsa é. 

Tá an seánra uafáis faoi athbheochan faoi láthair agus The Quiet Place agus Get Out ag dul i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana. Tá caighdeán na scannán ardaithe go leor mar gheall ar an aisteoireacht cumasach, agus ní haon eisceacht é an scannán seo. Tá na haisteoirí ar fad thar cionn, Gabriel Byrne agus Alex Wolff ach go háirithe, ach is í Toni Collette a bhaineann éacht amach sa scannán seo. Tá sí thar cionn i chuile radharc ina bhfaca mé í, agus sna radhairc ina raibh mo shúile clúdaithe agam, d’fhuaimnigh sí go maith freisin. 

Is é seo an chéad scannán ón stiúrthóir Ari Aster, agus le bheith fireannach níl fios agam an bhfuil mé ag iarraidh aon scannán eile uaidh a fheiceáil. Ní hé sin le rá nach ndearna sé jab maith, mar rinne, agus tá mé ag ceapadh gur bhain sé a sprioc  amach le The Exorcist nua a chruthú do ghlúin nua, ach beidh i bhfad níos mó ullmhúcháin agus taighde ag teastáil uaim sula mbreathnaím ar Hereditary arís, gan chaint ar scannán eile dá chuid.  Go teicniúil agus go healaíonta tá an scannán seo nach mór foirfe, ach má théann tú ag breathnú air tabhair leat fobhríste breise.

SCÉALTA EILE