‘Téann ‘Róise agus Frank’ i ngleic leis an mbás ar bhealach fíorthábhachtach agus eisceachtúil’

Tá go leor scannán agus cláracha teilifíse feicthe agam le déanaí a théann i ngleic leis an mbrón théis duine a chailleadh, thrí bhás nó ar bhealach eile. 

Déileálann Hit The Road leis an mbrón a bhaineann le mac a d’imigh ar seachrán, agus seans maith nach bhfeicfidh a mhuintir riamh

arís é, thosaigh mé ag breathnú ar Fleabag den chéad uair, faoi charachtar Pheobe Waller Bridges agus a meabhairshláinte ag titim as a chéile théis bás a carad, agus fiú déanann Blackbird rud éigin le bás bhean Vichael Flackley (nó Mictor Blatley? Nílim cinnte, úsáidimid an phéire). 

Agus déarfainn nach aon chomhtharlú é seo. Táim ag feiceáil an téama seo ag teacht chun cinn arís agus arís eile le déanaí, agus mé ag déanamh iarracht dul i ngleic leis an gcumha atá orm féin théis cara mór liom a chailleadh le gairid, agus ní bhíonn sé i bhfad uaidh mo chuimhne riamh. 

Ach níl aon rud feicthe agam a théann i ngleic leis ar an gcaoi chéanna is a dtéann Róise agus Frank.

Is é an téama is mó é sa scannán, bean agus mac fós ag streachailt le bás an fhir céile agus athar. Tá an scannán lonnaithe sa Rinn i bPort Láirge, (ceantar nach bhfeictear a dhóthain ar an scáileán) agus leantar sa scéal Róise (Bríd Ní Neachtain) agus í ag dul ar aghaidh lena saol théis bhás a fir céile, Frank. 

Athraíonn chuile short nuair a thugann an madra gleoite seo cuairt uirthi, agus síleann sí gurb é a fear céile atá ann, in ainneoin fhrustrachas a mic Alan (Cillian Ó Gairbhí). Tá scileanna iománaíochta ag an ngadhair freisin, beagnach chomh cumasach leis an bhfíor-Frank, agus cabhraíonn sé le buachaill óg Maidhcí (Ruadhán de Faoite) agus é ag déanamh iarracht áit a bhaint amach ar an bhfoireann iomána.

Cinnte tá cuma na háibhéile ar an scéal ón réamhrá sin, ach déanann an scannán, agus taispeántas Bhríd Ní Neachtain, an-obair leis an lucht féachana a thabhairt leo, agus cuireann taispeántas Chillian Uí Ghairbhí i gcuimhne dúinn go bhfuil sé seo ar fad cineál seafóideach agus aisteach ar bhealach réalaíoch agus barrúil. 

Thaitin taispeántas Uí Ghairbhí go mór liom, an dochtúir sa mbaile beag agus an chosúlacht air gurb é an t-aon duine a bhfuil unsa céille aige san áit. Agus céard eile is féidir a rá faoi Bhríd Ní Neachtain nach bhfuil ráite ag scríbhneoirí agus cruthaitheoirí eile romham. 

Cén go raibh sé aisteach domsa, fear Chonamara, í a chloisteáil ag caint i nGaeilge na Mumhan, bhí dearmad déanta agam air sin agus deich nóiméad den scannán caite. Tá radharc amháin ann leis an mbeirt sa gcarr ag éisteacht le hamhrán ceol tíre ó John Glen, agus tá sé díreach go hálainn, agus thaispeáin sé na bealaí éagsúla is féidir le daoine dul i ngleic leis an mbás, gan orthu focal a rá. (Nó b’fhéidir gur chóir dom a rá, an triúir acu, mar tá an madra sa radharc freisin, agus caithfear a rá, agus is féidir liom a dheimhniú, gur buachaill an-mhaith é.) 

Ag caint ar an gceol, thug mé suntas dó i rith an scannáin, agus is fiú é a lua mar tá sé aoibhinn, agus ní haon iontas gurbh é Colm Mac an Iomaire a rinne é. Téann an fhuaim agus na pictiúir áille den Rinn le chéile ar nós caidreamh Róise agus an madra Frank, tá sé iontach uilig. 

An t-aon áit ar airigh mé go raibh rudaí beagán as riocht ná an scéal a bhaineann le Maidhcí, an t-iománaí óg. Caithfear a rá nach aon locht é ar an aisteoir óg féin, a dhéanann sár-jab sa bpáirt, ach déarfainn nár tugadh a dhóthain ama dó mar chuid den scéal, agus mar sin tháinig an deireadh tobann a tháinig leis aniar aduaidh orm de bheagán, agus b’fhéidir dá mbeadh cúpla radharc eile idir Maidhcí, Róise agus Frank go gcuirfeadh sé leis an gcuid sin den scéal.

Ach is gearán fíorbheag é seo. Do dhuine a bhfuil cumha orthu fós, chuaigh an scannán seo i bhfeidhm orm ar bhealach nach dtéann mórán na laethanta seo. Gan fiú a lua go bhfuil sé i nGaeilge, agus lonnaithe i nGaeltacht sa lá atá inniu ann, téann sé i ngleic le téama an bháis ar bhealach atá fíorthábhachtach agus eisceachtúil. Beidh áit speisialta aige i mo chroí as an lá seo amach.