Scannán grinn é The Boat That Rocked ó ré óga an raidió bhradaigh a bhfuil foireann láidir aige – Philip Seymour Hoffman, Rhys Ifans agus Kenneth Branagh, mar aon leis an aisteoir as Ros Comáin, Chris O’Dowd.
Cuirtear an déagóir Carl amach go dtí an long raidió, Radio Rock, chun am a chaitheamh in éineacht lena athair báistí ach in áit comhairle fhoirmiúil a fháil uaidh, faigheann sé taithí phearsanta ar shaol rock & roll chraoltóirí an stáisiúin.
Leanann an plota eachtraí laethúla an bhaid – ó iarrachtaí grá go mionnaí móra beo ar aer – agus le linn d’fhoireann an stáisiúin bheith ag baint suilt as an saol cuireann rialtas Shasana pleananna éagsúla le chéile chun stop a chur le raidió bradach.
Rialaíonn siad go bhfuil na stáisiúin mídhleathach sa deireadh ar ndóigh ach ní éiríonn leo croí na réabhlóide ceoil a mharú, ná baol air.
Cé go gcuireann na carachtair chraiceáilte le spraoi an scannáin, agus go bhfuil fuaimrian iontach na 60í ar na buaicphointí móra, téann an scéal ar strae in amanna agus tá cuid de díreach áiféiseach.
Tá go leor ábhar grinn ann mar sin féin agus más féidir leat cur suas le cúpla gné agus casadh nach bhfuil foirfe, taitneoidh an ceiliúradh ceoil seo leat.