‘The Breadwinner’ le taispeáint i nGaeilge sna pictiúrlanna

Beidh leagan Gaeilge den scannán is deireanaí ón Cartoon Saloon i gContae Chill Chainnigh, The Breadwinner, á thaispeáint i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann ó dheireadh na seachtaine seo chugainn. 

Beidh An Saothraí le feiceáil i bpictiúrlanna áirithe i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Corcaigh, Aontroim, Sligeach, Dún na nGall, Ceatharlach, Maigh Eo, Cill Chainnigh, Contae Lú, Port Láirge agus Loch Garman ón 25 Bealtaine. 

Seo an tríú mórscannán atá ar fáil i nGaeilge ó Cartoon Saloon, comhlacht beochan, maisiúchán agus scannánaíochta a bunaíodh i gCill Chainnigh in 1999. Tá cáil nach beag cheana féin ar Amhrán na Mara (Song of the Sea) agus Rún Cheanannais Mhóir (The Secret of Kells) i measc cainteoirí Gaeilge agus Béarla araon. 

Ba é an comhlacht Macalla, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, a rinne an t-athghuthú Gaeilge ar an scannán nua, a bunaíodh ar an leabhar mórdhíol The Breadwinner a foilsíodh den chéad uair in 2000. 

Lonnaithe san Afganastáin atá An Saothraí agus insítear ann scéal Parvana, cailín óg atá ina cónaí i Kabul faoi smacht an Taliban. Nuair a ghabhtar athair Parvana, tugann sí uirthi féin é a aimsiú nuair atá an dóchas caillte ag gach duine eile ina teaghlach. 

Céadléiríodh an scannán i mBéarla ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Toronto i gCeanada ag deireadh na bliana seo caite agus taispeánadh i bpictiúrlanna sna Stáit Aontaithe cheana é. Beidh sé á thaispeáint i mBéarla agus i nGaeilge in Éirinn den chéad uair an tseachtain seo chugainn. 

Ainmníodh an scannán do ghradam Oscar i mbliana, agus bhuaigh sé an gradam don scannán beochana is fearr ag na Annie Awards i mbliana Bhuaigh sé trí ghradam ag Gradam Scannán Cheanada, chomh maith leis an mórghradam ag gradaim ‘Cinema For Peace’ i mí Feabhra. Ainmníodh do Golden Globe agus do roinnt mhaith gradam eile é freisin. 

Dúirt Macalla gur “cúis áthais” don chomhlacht go mbeidh an leagan Gaeilge den scannán sna pictiúrlanna sa tír seo go luath. 

“Ba mhór an onóir dúinn an deis a fháil obair a dhéanamh ar an scannán croíúil, draíochtúil, agus obair a dhéanamh arís le Nora Twomey agus an fhoireann i Cartoon Saloon. Tá súil againn go mbaineann gach duine sult as An Saothraí agus scéal spreagúil Parwana. 

Seo thíos liosta na bpictiúrlann a mbeidh An Saothraí á thaispeáint ann:

  • IFI, Barra an Teampaill
  • Lighthouse, Margadh na Feirme
  • Cineworld Dublin
  • Movies@Dundrum
  • Movies@Swords
  • Omniplex, Rath Mhaoinis
  • IMC, Dún Laoghaire
  • IMC, Tamhlacht
  • IMC Seantreabh
  • Vue, Gleann na Life
  • Eye, Gaillimh
  • IMC, Gaillimh
  • Omniplex, Corcaigh
  • Gate, Corcaigh
  • Gate, Mainistir na Corann
  • Gate, Mala
  • Omniplex, Luimneach
  • Omniplex, Sligeach
  • Century, Leitir Ceanainn
  • IMC, Cill Chainnigh
  • Mayo Movieworld, Caisleán an Bharraigh
  • Queens Film Theatre, Béal Feirste
  • IMC, Ceatharlach
  • IMC, Dún Dealgán
  • SGC, Dún Garbhán
  • Movies@Gorey
SCÉALTA EILE