The Dark Knight
Tá Batman ar ais

An scannán leantach ar Batman Begins, tá Christian Bale ar ais sa chulaith dhubh agus tá ag éirí go measartha maith leis in éadan choirpigh an domhain, le cuidiú na bpéas Jim Gordon (Gary Oldman) agus Harvey ‘Two-Face’ Dent (Aaron Eckhart).

Tá scáth dorcha de shaghas éigin eile ar an Dark Knight áfach mar gurb é seo an scannán deiridh a rinne Heath Ledger sula bhfuair sé bás.

Is mór an t-éacht atá déanta ag an aisteoir Astrálach i bpáirt an Joker, príomhnamhaid Batman uair amháin eile, agus tugann a thaispeántas cumhacht sa bhreis don íomhá ar fad.

Leantar leis an choimhlint idir an bheirt go deireadh an tsaothair le buaic mhór a mbeifeá ag súil leis i scannán ollmhór aicsin den chineál seo.

Is díol suntais chomh maith í an fhoireann an-cháiliúil a cuireadh le chéile dó, le Michael Caine, Morgan Freeman, Maggie Gyllenhaal agus an tÉireannach Cillian Murphy uilig páirteach ann.