Bonsera: “Creidim i Meiriceá. Is i Meiriceá a rinneas mo rathúnas. Agus do thógas m’iníon mar a thógfadh Meiriceánach í.
Thugas saoirse di, ach do mhúineas di gan náire a thabhairt dá teaghlach choíche. Fuair sí stocach nárbh Iodálach é.
Chuaigh sí chun na pictiúrlainne in éindí leis. D’fhan sí amuigh go mall. Ní dhearnas aon ghearán. Dhá mhí ó shin ghlac sé amach í ar mhaithe le tiomáint i gcarr, in éindí le buachaill eile.
Chuireadar iallach uirthi fuisce a ól agus ansin rinneadar iarracht mí-úsáid a bhaint aisti. Thug sí troid dóibh. Sheas í an fód lena honóir a chosaint.
Mar sin thugadar greadadh di. Mar a bheadh ainmhí inti.
Ar dhul don ospidéal dom bhí a srón briste. Bhí a giall ina smidiríní, coinnithe le chéile ag sreangán.
Níorbh fhéidir léi caoineadh mar gheall ar an bpian. Ach do chaoineas féin.
Cad ina thaobh ar chaoin mise? Ba í mo chailín geal. Cailín galánta. Anois, ní bheidh sí galánta arís… chuas chuig na péas, mar a dhéanfadh Meiriceánach maith. Glacadh an dá bhuachaill os comhair na cúirte.
Thug an breitheamh trí bliana sa phríosún dóibh, agus chuir an pionós ar fionraí.
Pionós ar fionraí! Tugadh cead a mbealaigh dóibh ar an lá céanna! Do sheasas sa chúirt i m’amadán, agus an dá bhastard sin, rinneadar gáire orm. Ansin, dúras le mo bhean chéile, “Chun ceartas a fháil, beidh orainn dul go Don Corleone.”
‘An Seanóir’, ‘Il Padrino’, ‘The Godfather’, ceann de na scannáin is fearr dá ndearnadh riamh dar leis an léirmheastóir seo, agus ar ndóigh níl mé i m’aonair.
Bhain ‘The Godfather Part 1’ trí ghradam Oscar, bhain ‘Part II’ sé cinn acu, níor bhain an tríú scannán aon Oscar cé gur ainmníodh é seacht n-uaire.
41 bliain ó shin a tháinig uimhir a haon sa tsraith chlúiteach seo amach, le ‘The Godfather Part II’ ag bualadh na scáileán i 1974 agus scaoileadh ‘The Godfather Part III’ sa bhliain 1990. Bhí an-tionchar ag ‘The Godfather’ ar gach scannán eile ‘gangster’ a tháinig ina dhiaidh ó ‘Goodfellas’ go ‘Casino’.
Ní nach ionadh mar sin go nglactar leis go forleathan gur i measc na scannán is cumhachtaí riamh iad an chéad dá scannán sa tsraith.
Ach má tá clú agus cáil ar an tríológ, deirtear go minic go raibh an tríú scannán go holc ar fad. Deirimse féin nach raibh sé leath chomh dona sin, díreach nach raibh sé ar dhóigh ar bith chomh maith is a bhí an dá shárshaothar roimhe.
Tá sé á mhaoímh ag an stiúrthóir, Francis Ford Coppola, gur scannán amháin a bhí ann sa chéad dá chuid den ‘Godfather’ agus nach raibh i gceist i gcuid a trí de ach eipealóg. Níorbh é Ford Coppola an scríbhneoir áfach, leagan scannáin de leabhar a bhí ann.
Scríobh Mario Puzo an leabhar ‘The Godfather’ i 1969. Iodálach-Mheiriceánach ab ea é a rugadh in Hell’s Kitchen, Nua-Eabharc, ba as Campania i ndeisceart na hIodáile iad a thuismitheoirí.
Is i mBéarla a scríobh an leabhar. Cosúil le gach scannán iontach áfach, tá an leabhar níos fearr arís. Tá doimhneacht leis an leabhar agus is féidir an scannán a thuigbheáil níos fearr má léann tú é roimh ré. D’ainneoin a maítear, níl an scannán ná an leabhar féin ar dhóigh ar bith réalaíoch. Tá réaltacht shaol na ndrongadóirí thall san Oileán Úr níos cosúla le ‘Love Hate’ ná saol chlann Corelene.
Níl aon amhras ann ná go raibh aisteoirí mór le rá sa scannán seo, Marlon Brando (Vito Corelone), Robert de Niro (Vito agus é óg) agus Al Pacino (Mícheál Corelone) agus gur thug siad ar fad sárléiriú sna páirteanna sin. Mar sin féin, ní raibh duine ar bith acu níos mó ná na carachtair agus is iad na carachtair sin a gcuimhnítear orthu go fóill.
Tá Vito Corelone ar na carachtair scannáin is clúití riamh, leag sé síos an steiréitíopa a lean gach scannán den chineál seo ó shin agus is minic a rinneadh scigaithris air dá bharr.
Ceann de na rudaí eile atá thar a bheith suntasach faoi na scannáin seo ná an fuaimrian, go háirithe an príomhamhrán, ‘The Godfather Waltz’, a bhfuil clú agus cáil air anois ann féin is atá go hálainn ach bagrach ag an am céanna.
Is scannán é ‘The Godfather’ nach ndeachaigh as dáta riamh agus nach rachaidh is dócha, scannáin chlasaiceacha iad go léir.
Mar fhocal scoir, don té a bhfuil suim aige i dteangacha, tá roinnt mhaith den chaint i gcuid a dó den tríológ i Sicilianu, teanga na Sicile. Is beag Béarla a labhair Robert de Niro ann ar chor ar bith.
Chaith sé agus roinnt de na haisteoirí eile roinnt míonna sa tSicil ag foghlaim na canúna sular cuireadh tús leis an scannánú. Deirtear liom go bhfuil an-jab déanta ag na haisteoirí ach go dtuigfeadh daoine gur Meiriceánaigh iad – ach cén dochar, is Meiriceánaigh iad na carachtair!