The Hangover

Scéal grinn atá in The Hangover, arna stiúiriú ag Todd Phillips agus scríofa ag Jon Lucas is Scott Moore.

Is é an príomhscéal leis an scannán seo ná go dtéann ceathrar leaids go Las Vegas chun oíche chraiceailte a bheith acu, roimh bhainis dhuine acu.

Is é sin go díreach an méid atá déanta acu, ach éiríonn sé soiléir go ndeachaigh siad thar fóir nuair a fheiceann siad gur chaill siad an fear atá chun pósadh ar an lá dár gcionn!

Is í an t-aon fhadhb, áfach, ná nach gcuimhin leo go léir an méid a tharla an mhaidin i ndiaidh mar gheall ar bharraíocht alcóil…

Is iad na príomhcharachtair sa scannán ná Phil (Bradley Cooper ó Yes Man agus ón tsraith teilifíse Alias) agus Stu (Ed Helms ón leagan Meiriceánach de The Office), a dhéanann sár-iarracht chun dul timpeall Las Vegas chun a gcara Doug (Justin Bartha) a aimsiú.

Buaileann siad le tíogar i leithreas (jóc ar bith!), drongadóir Síneach aerach, bean chéile nua Stu (Heather Graham, atá ar fheabhas) agus Mike Tyson.

Is aisteach agus craiceáilte an scannán é, ach oibríonn sé go han-mhaith. Le macalla de Dude, Where’s My Car? le feiceáil ann, is scannán do na leaids é seo, ach gan a bheith lodartha.

Tá i bhfad níos mó béime ar na jócanna ná ar an scéal féin.

É sin ráite, is annamh nach ndéanann an scéal aon chiall, agus téann an scéal ar aghaidh ar an luas ceart tríd i gcónaí.

Tá aisteoireacht na bpríomhdhaoine anseo sár-mhaith, agus tá an ghuthaíl (delivery) ghrinn acu ar fheabhas.

Pointe maith eile faoi The Hangover ná an fuaimrian – ó rap go R’n’B agus rac-cheol, bainfidh chuile duine sult as.

Is cinnte go molaim é seo do na leaids ar oíche amuigh, ach bainfidh na cailíní sult as seo chomh maith, dár ndóigh.

SCÉALTA EILE