Tá ticéid ar fáil don chéad taispeántas den mhórscannán nua Gaeilge Arracht a bheidh á thaispeáint mar chuid d’Fhéile Scannán Bhaile Átha Cliath an mhí seo chugainn. Beidh an scannán, atá lonnaithe in aimsir an Ghorta Mhóir in iarthar na hÉireann, ar taispeáint ar an 28 Feabhra 2020 i bPictiúrlann an Tí Solais i mBaile Átha Cliath.
Is é seo an chéad scannán ón stiúrthóir Tom Sullivan, a dúirt gur “athraigh an scannán a shaol”.
“Chuaigh dúthracht na foirne i gcion go mór orm agus, ach go háirithe, chuaigh tiomantas Dhónaill Uí Héalaí [duine de na haisteoirí] don phróiseas i gcion go mór orm féin agus ar an gcriú go léir.
“Foireann den chéad scoth a bhí agam, a raibh orthu troid in aghaidh stoirm Atlantach faoi thrí chun Arracht a chur i gcrích. Táimid ar fad ar bís an scannán a sheoladh sa chathair álainn, Tallinn, agus i measc scannánóirí iontacha eile,” a dúirt sé.
Lonnaithe in 1845 atá an scannán nua, díreach sular loiteadh an tír le linn an Ghorta Mhóir. Tuigeann an t-iascaire Colmán Sharkey foscadh agus dídean do strainséir, ar achainí sagairt. Tagann deartháir Cholmáin, an t-iarshaighdiúir Patsy, abhaile ón gcoigríoch díreach roimh thús an Ghorta, agus téann an bheirt fhear le himpí ar an tiarna talún gan an cíos a ardú.
Tá costas €14 ar thicéid agus maireann an scannán thart ar uair go leith.