‘Tír Star Wars’ le bunú ag Disney

“I réaltra i bhfad, i bhfad i gcéin…”

Is cosúil nach mbeidh an réaltra sin rófhada ar shiúl amach anseo tar éis gur fhógair Disney go bhfuil siad le “tíortha” Star Wars a thógáil ag a bpáirceanna sna Stáit Aontaithe.

Domhain eile atá i gceist leis an tarraingt nua seo ina mbeidh daoine in ann cuairt a thabhairt ar thimpeallacht réaltach na scannán clúiteach, bualadh le “áitritheoirí áitiúla”, deochanna spáis a ól (ar nós an bhainne ghoirm sin ó cheaintín Mos Eisley) agus fiú an Millennium Falcon a eitilt.

Ceannasaí Disney Bob Iger a bhris an nuacht Dé Sathairn, é ag rá go mbeidh sé ar an fhorbairt is mó riamh i stair pháirceanna siamsaíochta an chomhlachta, atá suite sa Chalafóirn agus Florida.

14 acra a bheas an dá thír nua seo agus de réir na n-íomhánna atá eisithe (thuas & thíos) tá gach cuma ar an scéal gur sráidbhaile iomlán Star Wars atá ar intinn ag Disney – brionglóid fhoirfe ag aon Jedi.

starwars-disney-2

Cheannaigh Disney Lucasfilm, comhlacht George Lucas a chruthaigh Star Wars, in 2012 agus léiríonn sé go bhfuil siad réidh le tuilleadh leasa a bhaint as an fheiniméan ollmhór spáis leis an chéad scannán eile sa tsraith, Eipeasóid VII: The Force Awakens, le heisiúint i mí Nollag na bliana seo.

starwars-disney-3

SCÉALTA EILE