Trí scannán ba mhaith liom a fheiceáil in 2018
Súil chun cinn le Eoin Ó Dubhghaill

Tá áthas ar NÓS a fhógairt go mbeidh ár léirmheastóir scannán, Eoin Ó Dubhghaill, ag obair le BLOC agus físeáin ghairide á sholáthar aige dóibh. Seo daoibh an chéad fhíseán ó Eoin, ina gcuireann sé síos ar thrí scannán ba mhaith leis a fheiceáil in 2018: Ready Player One, Mortal Engines agus Deadpool 2.

Mar a deir Eoin féin, “Cé na scannáin a bhfuil tusa ag súil leo i mbliana? An bhfuil ceachtar acu ar an liosta seo nó an bhfuil tú ag iarraidh mé a mharú mar go bhfuil tuairimí difriúla agat? Téigh ag argóint liom ar Twitter ag @eoineyd37, nó fág trácht ghránna ar an bhfíseán seo.”