Tuar na nOscar

Breathnaigh. Ní maith liom na hOscars. Tá an searmanas ar fad i bhfad rógháirsiúil domsa. Mar sin féin, bíonn na scannáin fíormhaithe ann den chuid is mó, cé go n-ainmnítear go leor acu mar gheall gur thug siad a ndóthain airgid do na daoine cearta, agus meallann na gradaim suim na ndaoine chuile bhliain.

Mar sin d’iarr mo dheachtóir m’eagarthóir álainn orm alt bheag a scríobh faoin gceiliúradh cáiliúil agus cé a cheapfainn a mbuafadh an duais le haghaidh an scannáin is fearr. 

N.B. Tháinig sé seo ag am fíorghnóthach i mo shaol, agus ní raibh leath de na scannáin feicthe agam. Mar sin ag a 23.00, Déardaoin an 21 Feabhra, shocraigh mé isteach le breathnú ar cheithre scannán i ndiaidh a chéile, mar sin níl go leor de na léirmheasanna seo le trust mar scríobhadh iad ag am nár cheart do dhaoine daonna a bheith ina dhúiseacht.

  1. Bohemian Rhapsody

Tosóidh muid leis an gceann is mó a bhfuil eolas agam faoi. Is aoibhinn liom Queen, tá albaim agam ó bhí mé i mo dhéagóir agus bhí mé ag súil le scannán Freddie Mercury ó bhí mé seacht mbliana déag. Ach, agus na fadhbanna ar fad a bhí ag an scannán seo agus é á dhéanamh ag méadú, mhéadaigh an drogall a bhí orm féin dul agus breathnú air. Chuaigh mé ag breathnú ar faoi dhó sa deireadh, ach mura raibh na hamhráin chomh maith sin, agus mura ndearna Remi Malik an obair a rinne sé, d’fhágfainn leath bealaigh tríd an chéad gheábh. Buafaidh Malik an t-aisteoir is fearr, ach ní bhfaighidh an stiúrthóir ná an scannán féin ceachtar de na duaiseanna móra. 

Seans ag pictiúr is fearr: 2/10

Pictiúr is fearr tuillte: 1/10

  1. BlacKKKlansman

Chuir sé ionadh orm nuair a fuair mé amach nach raibh Oscar buaite go glan ag Spike Lee riamh. Leis na scannáin atá déanta aige, agus an chumas stiúrthóireacht atá aige, shíl mé go raibh sé sin craiceáilte.  Agus déarfainn nach mbuafaidh sé i mbliana ach an oiread, faraor. Is scannán maith tábhachtach é Blackkklansman, ach titeann sé ó chéile sa tríú chuid, agus airíonn sé ar nós gur ainmníodh é mar bheart siombalach. Ach b’fhéidir go nglaofaidh siad air le haghaidh an stiúrthóir is fearr mar gheall ar a chuid oibre thar na blianta.

Seans ag pictiúr is fearr 2/10

Pictiúr is fearr tuillte: 4/10

  1. A Star is Born

An cuimhin libh nuair a tháinig an scannán seo amach agus bhí chuile dhuine ag rá gur cheart dhó chuile dhuais a bhí ann a bhuachan? Bhuel, tá an torann sin ciúnaithe go mór anois ó tháinig na scannáin eile a ainmníodh amach. Agus is é an trua é, is scannán an-mhaith é, stiúrtha go scafánta ag Bradley Cooper. Tá na hamhráin go maith agus tá an aisteoireacht ar fad láidir. Ach ní luíonn sé leis an chuid eile de na scannáin atá ar an liosta, ná an éagsúlacht atá an searmanas ag iarradh a bhrú i mbliana. Seans ag an amhrán duais a buachan, áfach.

Seans ag pictiúr is fearr: 5/10

Pictiúr is fearr tuillte: 2/10

  1. Black Panther

Thaitin Black Panther liom. Thaitin sé go mór liom. Is scannán spraíúil é leis an fuaimriain is fearr atá cloiste agam le fada. Ní hé an scannáin is fearr a déanadh anuraidh é áfach. Agus níor cheart dó a bheith ainmnithe. Tuigim go raibh sé tábhachtach, tuigim an tionchar cultúrtha atá aige, agus go bhfuil an teachtaireacht atá aige níos mó ná aon duais, ach ní luíonn sé le réasún é ainmniú le haghaidh an scannán is fearr nuair nach bhfuil seans aige. 

Seans ag an pictiúr is fearr: 2/10

Pictiúr is fearr tuillte:0/10

  1. Green Book

Anois, tá sna hiomaitheoirí cearta againn. Seo é an chéad scannán sa maratón fada a chuir mé amach romham féin oíche Dhéardaoin/maidin Dé hAoine. Tá Mahershala Ali agus Viggo Mortenson thar cionn, tá an scéal agus an teachtaireacht láidir. Tá sé iontach agus déarfainn go bhfuil seans maith aige an pictiúr is fearr a bhuachan. Táim sásta gur fhéach mé air seo chomh luath san oíche. 

Seans ag an pictiúr is fearr: 7/10

Pictiúr is fearr tuillte: 9/10

  1. Roma

Tuigim cén fáth ar ainmníodh é seo. Tá an aisteoireacht thar cionn, tá an stiúradh agus an chineamatagrafaíocht ar ard-chaighdeán. Ach, a mhac go deo tá sé mall, agus is oth liom a rá gur beag nár thit mé i mo chodladh cúpla uair. Mar sin, is dóigh go mbuafaidh sé gach a bhfuil ann.

Seans ag an pictiúr is fearr: 9/10

Pictiúr is fearr tuillte: 7/10

  1. Vice

Faoin dtráth seo, tá m’inchinn ag leá, cineál. Bhí agam fanacht le breathnú ar Roma ag an deireadh, mar bheinn in ann dul a chodladh ansin gan orm níos mó scannáin a fheiceáil. Mar a bhí sé, agus mé ag iarradh am a shábháil, agus mé féin a choinneáil dúisithe, thosaigh mé ag scríobh i rith an scannán seo. Mar sin, leis an fhírinne a insint, ní raibh mo aird air mar ba cheart. Tá fios agam cinnte, gur bhreathnaigh Christian Bale an chosúil le Dick Chaney, agus is cinnte go mbeadh tromluithe agam faoi, agus gurb iad Sam Rockwell agus Amy Adams beirt de na haisteoirí is fearr ag obair inniu. Seans ag Christian Bale ag an aisteoir is fearr.

Seans ag an pictiúr is fearr: 7/10

Pictiúr is fearr tuillte: 7/10

  1. The Favourite

B’fhéidir go bhfuil an mhilleán ar an strus. B’fhéidir gurb é easpa codlata atá i gceist. B’fhéidir gur mar gheall gur ith mé ceapaire cáise agus caife a fhad is a d’fhéach mé ar Vice ag a dó a chloig ar maidin. Ach is aoibhinn liom an scannán seo. Tá sé aisteach ar na bealaithe is fearr, tá sé barrúil, tá na cultacha thar cionn, agus tá mé cineál i ngrá le Olivia Colman agus tá mé ag iarradh go mbuafaidh sí chuile rud, fiú an t-eagarthóir is fearr. I ndáiríre píre, níl fios agam cén sórt seans atá ag an scannán seo, ach tá mise ag tabhairt duais an Eoiney™ dó.

Seans ag an pictiúir is fearr: ?/10

Pictiúir is fearr tuillte 11/10

Mar fhocal scoir, níl anseo ach tuairim, agus sílim féin go bhfuil sé an deacair na hOscars seo a thuar. Tá go leor scannán maith ann i mbliana, agus ní fios cén chaoi a bhfuil muintir an Academy dul vótáil.  Ó dhearcadh Éireannach, bhí baint mhór ag léirítheoirí Éireannacha sa scannán The Favourite, agus tá an t-aisteoir iontach Gaelach Tara Breathnach sa ngearrscannán Detainment, atá ainmnithe le haghaidh an ghearrscannáin is fearr.  Go n-éirí leo!

Am codalta.

SCÉALTA EILE