Tuige a bhfuil tú á léamh seo? Amach go beo leat chuig an bpictiúrlann!

Mar scríbhneoir ar iris idirlín, tuigim go bhfuil NÓS ag iarraidh go léifidh tú an t-alt seo. Mar léirmheastóir scannán, tá mise ag iarraidh go léifidh tú an t-alt seo. Ach mar dhuine atá ag iarraidh go mbainfidh tú taitneamh as an scannán A Quiet Place, tá mé ag iarraidh oraibh an brabhsálaí seo a dhúnadh anois, dul chuig an bpictiúrlann is gaire dhaoibh agus ticéad a cheannach don scannán seo ó cheárta John Krasinski. Ansin tar ar ais agus léigh é seo.
Má tá tú fós anseo, déanfaidh mé cur síos chomh doiléir air agus is féidir liom. Tá sé lonnaithe sa todhchaí, in áit a mbíonn sé contúirteach fuaim ar bith a dhéanamh – fiú amháin má bhíonn daoine ag cogarnach le chéile bíonn sé contúirteach. Leanann an scannán teaghlach atá ag maireachtáil ar éigean ar fheilm, le John Krasinski agus Emily Blunt i bpáirt na dtuismitheoirí. Anois, bailigh leat agus féach ar an scannán.
Má tá tú fós anseo, cén fáth a bhfuil tú ag iarraidh an scannán seo a mhilleadh ort féin? Mar dhuine nach dtaitníonn scannáin uafáis leis, chuaigh an scannán seo i bhfeidhm orm ar bhealach a tháinig aniar aduaidh orm – chuile ghné dhe, idir stiúradh agus aisteoireacht. Tá an aisteoireacht ar fad thar cionn. Tá Emily Blunt iontach, mar a bhíonn i gcónaí, agus chuir cumas na ngasúr óg iontas orm, ach is é Krasinski féin a chrochann an scannán. Níl aon rud feicthe agam a bhfuil John Krasinski ann nach scannán nó clár teilifíse grinn atá ann, ach taispeánann sé sa scannán seo go mbeadh sé in ann bheith ina phríomhaisteoir i scannán mór ar bith.
An bhfuil tú fós anseo? Nó ar tháinig tú ar ais leis seo a léamh ina dhiaidh, le socrú síos? Mar caithfidh mé a rá leat, gur theastaigh socrú uaimse ina dhiaidh. Chuir an chaoi ar baineadh úsáid as an bhfuaim, nó an easpa fuaime, go mór leis an teannas agus ón gcéad nóiméad bhí mé i mo chnap neirbhíseach. Nuair a tháinig sé chuig deireadh an scannáin, ní fhéadfainn a chreidiúint gurb é John Krasinski féin a stiúir agus a scríobh é, agus gurb é seo an chéad scannán atá stiúrtha aige.
Cinnte, tá gnéithe sa scannán seo a mbaintear úsáid astu i mbeagnach chuile scannán uafáis eile, agus níl an chríoch chomh láidir leis an gcuid eile den scannán, ach is clamhsáin bheaga bhídeacha iad sin. Tá an domhan atá cruthaithe anseo chomh spéisiúil, tá an aisteoireacht chomh láidir, agus tá an stiúrthóireacht chomh snasta, nach gcreidim go bhfuil tú fós anseo dhá léamh seo. Céard atá ar siúl agat? Téigh chuig an bpictiúrlann go beo agus breathnaigh ar A Quiet Place.

SCÉALTA EILE