World War Z

Bhí léirmheastóirí áirithe ag iarraidh nach mbeadh dúil acu sa scannán seo ach theip orthu mar, go bunúsach, tá sé go maith. Bhí air roinnt mhaith acu sin a admháil ó shin, cé gur mhothaigh mé go raibh leisce orthu sin a déanamh.

Scannán zombaithe é seo ar ndóigh le Brad Pitt mar phríomhaisteoir ann. Is imscrúdaitheoir de chuid na NA é Gerry Lane atá ag iarraidh fáil amach cárbh as a thosaigh an eipidéim zombaithe atá tar éis léirscrios a dhéanamh ar chuid mhór den domhain.

Cosúil le gach scannán a dhéantar as leabhair áfach – tá ‘World War Z’ bunaithe ar dhá leabhar de chuid Max Brooks, ‘World War Z, An Oral History of the Zombie War’ agus ‘The Zombie Survival Guide’ – ní bhíonn an saothar scáileáin ar dhóigh ar bith chomh maith leis an bhunábhar, agus ní raibh.

Seo an rud, tá scannáin zombaithe mar sheánra tuirseach faoin am seo. Tá an méid sin bainte amach ag bunaitheoir an chineáil seo scannáin, George Romero, agus ag Danny Boyle le ‘Twenty Eight Days Later’ agus ‘Twenty Eight Weeks Later’ ná gur deacair an rud é cur leis na saothair seo ar bhealach ar bith.

Ach sin rud a rinne an dá leabhar a scríobh Brooks, thug sé beatha do zombaithe a bhí in easnamh iontu – má dhéanann sé sin aon chiall ar chor ar bith! Ach níl rud ar bith nua sa scannán ‘World War Z’.

Mar gheall ar chúrsaí pearsanta agus conartha, ní dhearnadh an scannán ‘Twenty Eight Months Later’ riamh agus ní dhéanfaidh anois is dócha, mar ar bhealach, is ionann an scannán sin agus ‘World War Z’.

Cuireann an tríú cuid den scannán seo ‘Twenty Eight Days Later’ i gcuimhne dom, cuireann an dara cuid ‘Twenty Eight Weeks Later’ i gcuimhne dom agus cuireann an chéad chuid ‘I Am Legend’ i gcuimhne dom – sin an fhadhb.

Theip ar ‘World War Z’ dul níos doimhne sa scéal agus nádúr an duine a fhiosrú sna cúinsí áirithe seo – sin an rud a rinne an leabhar.

Ní raibh mórán den mhoráltacht, den phraiticiúlacht nó den pholaitíocht atá le fáil sa leabhar ann mar shampla.

Ar ndóigh, tá an scannán lárnaithe ar charachtar Brad Pitt, a bhí sásúil sa ról caithfidh mé a rá, ach níl ann ach scéal amháin agus tá an bunleabhar lán le scéalta daoine éagsúla.

Mar sin féin, is léir ó dheireadh an scannáin nach é seo an chríoch iomlán agus go ndéanfar scannán amháin eile, ar a laghad, bunaithe ar an leabhar.

Maidin Nollag a bhí ann domsa mar sin mar b’fhearr an fanacht ná an lá féin ach scannán iontach maith a bhí ann agus i ndeireadh na dála, b’fhiú dul chuig an phictiúrlann chun é a fheiceáil go cinnte.

Mar fhocal scoir, bhí mé an-sásta teaghlaigh a fheiceáil ag an scannán seo, roinnt acu le páistí óga. Bhí ar theaghlach amháin argóint a bheith acu faoi aois na bpáistí sular ligeadh isteach sa phictiúrlann iad.

Tugann sé seo dóchas domsa – is léir nach mé amháin atá ag ullmhú don apacailipsis dosheachanta seo.

SCÉALTA EILE