Bunaithe ar an leabhar le Danny Wallace, scéal greannmhar is ea Yes Man faoi fhear darb ainm Carl (Jim Carrey), a dhiúltaíonn do gach aon rud a bhíonn ar fáil dó i gcónaí; cuirí le dul amach lena chairde, iarratais ón mbean béal dorais cabhair a thabhairt di agus iarratais a chuid custaméirí lena n-iasachtaí.
Feictear go bhfuil sé ina fhear croíbhriste ó scair sé óna iar-bhean chéile, Stephanie.
Anois, tá eagla air roimh ‘yes’ – ar chóir dom ‘sea’ nó ’tá’ a scríobh ina ionad? 😉 – agus mar sin cailleann sé amach ar an gcraic go léir.
Sin mar atá, go dtí go n-iarrann seanchara leis freastal ar comhdháil de chuid na Yes Men, grúpa a thugann an fhoirm dhearfach do gach uile ceist agus iarratas faoin ngrian.
Tar éis rendez-vous lena dtaoiseach, a rá go gcaithfidh sé ‘yes’ a rá le ’chuile rud nó go dtarlóidh droch-chárma dó, déanann Carl an cinneadh triail a bhaint as an gcleachtas.
Éiríonn go haoibhinn leis ar dtús, go dtí an pointe nuair a chasann sé le hAlison (Zooey Deschanel), cailín breá gleoite, agus fíor-aisteach.
Déanann sí cibé rud is mian léi, ach is í an difríocht idir ise agus Carl ná go ndéanann sí é ar a toil féin. Tosaíonn an ‘rómáns’ eadarthu ach ní mhaireann an dea-ádh i bhfad…
Scéal iontach greannmhar, ach go hiomlán míréalaíoch, atá ann in Yes Man.
Seachas é sin, bainfear an-sult go deo as an scannán seo.
Tá ceimic an-mhaith ann idir Carrey agus Deschanel, agus iad in ann bheith greannmhar go nádúrtha mar iad féin ina gcuid rólanna.
Tá Zooey Deschanel cáiliúil ón scannán The Hitchhiker’s Guide to the Galaxy agus tá a féith ghrinn aisteach-ach-gleoite le feiceáil go soiléir sa dá scannán. Tá Carrey, mar is gnáth dó, an-oiriúnach don phríomhról coiméideach seo.
Scannán foirfe greannmhar a dhéanfaidh go maith ag na hoifigí ticéad le linn na haimsire geimhridh seo!