Scannán Kneecap ceannaithe ag Sony lena eisiúint ar fud an domhain

Tá stair á cruthú ag Kneecap ag an fhéile scannán Sundance sna Stáit Aontaithe agus an scéal fógartha tráthnóna go bhfuil an mórchomhlacht Sony Pictures Classics tar éis an scannán atá bunaithe ar an bhanna ceoil a cheannach.

Is gaisce mór eile é seo don triúr rapálaithe – Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Provaí – atá thall in Utah faoi láthair chun a scannán a phoibliú, rud a bhfuil cumas maith acu chuige agus aird an phobail meallta ag a gcuid amhrán agus ag a gcur chuige le tamall de bhlianta.

Is inné, Déardaoin, a taispeánadh Kneecap den chéad uair ag Sundance ach bhí an cinneadh déanta ag Sony roimh ré mar gur cheannaigh siad na cearta don scannán fiú sula raibh an triúr le feiceáil ar an scáileán mór.

Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Laidineach, Oirthear na hEorpa, an Tuirc agus an Meánoirthear na limistéir a bheidh clúdaithe ag na cearta, rud a fhágfaidh go mbeidh an Ghaeilge le cluinstin i bpictiúrlanna ar fud na cruinne amach anseo.

Socraíodh cheana féin gurb iad Curzon agus Wildcard a eiseoidh an scannán in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.

“Dream cliste” a thug Kneecap ar Sony ar fhógairt na nuachta inniu agus deirtear go bhfuil ríméad ar gach duine atá bainteach leis an scannán, ar saothar ficsin spleodrach é atá bunaithe go dlúth ar scéal an bhanna.

Is é Rich Peppiatt stiúrthóir an scannáin, Trevor Birney agus Jack Tarling na léiritheoirí, agus tá aistritheoirí ar nós Michael Fassbender, Josie Walker agus Fionnuala Flaherty le feiceáil taobh leis na ceoltóirí iad féin.

Tá Kneecap i ndiaidh dul i bhfeidhm go mór ar lucht Sundance le cúpla lá anuas, go háirithe agus iad ag taisteal thart i veain de chuid an PSNI, agus táthar ag meas anois go rachaidh an scannán i gcion ar lucht féachana an domhain an oiread céanna.

Caibidil eile i saol banna Gaeilge as Béal Feirste atá ag tarraingt airde i gcóngar is i gcéin.

Níos gaire don bhaile, fógraíodh inniu chomh maith go bhfuil Kneecap ainmnithe sa rannóg ‘Banna na Bliana’ ag Gradaim NÓS 2024.

SCÉALTA EILE