Scéal nár frítheadh a shárú in irisí ársa Fhodhla

Ba le fada an lá a bhí na Gaeil ag fanacht le ‘leagan ceart’ dár scéalta féin ach a bhuí le dua Dharach Uí Scolaí, úinéir Leabhar Breac agus údar an leagain nua seo den Táin, tá an lá sin tagtha ar deireadh.

Is éard atá sa leabhar gleoite seo athinsint dhílis chruinn ar scéal atá á ríomh ag muintir na hÉireann le os cionn míle bliain. Ba i nGaeilge a insíodh scéal Chon Chulainn, Cú Uladh agus laoch mór na nUltach, ach is i mBéarla nó i scéalta ciorraithe Gaeilge a chuir formhór mhuintir na hÉireann aithne ar Shéadanda, Feardia, Méabh agus laochra eile an fhinscéil ceal leagan ceart den scéal a bheith ar fáil i nGaeilge an lae inniu.

Tá an scéal ó thús deireadh curtha inár láthair go snasta ag Ó Scolaí agus é aistrithe go dílis aige ó na foinsí Meán-Ghaeilge agus Gaeilge shaibhir an lae inniu curtha i mbéal na laochra. Faightear ann laochas Chon Chulainn, fraoch Mhéibhe agus tragóid Fhirdia, mar a fhágtar i leaganacha eile den scéal, ach ní fhágtar ar lár aon radharc nach gcuireann le híomhá sin an laochais ná a chuireann daonnacht Ríon na gConnachtach in iúl — léitear faoi Chú Chulainn agus é ag baint míolta dá léine agus faoi mhíostrú fola Mhéibhe.

Níl aon amhras ann ach gurb í seo ardlitríocht na Gaeilge. Beidh sí deacair le léamh ag go leor mar gheall ar a chasta is atá cuid den fhriotal agus ar fhoclacht an leabhair, ach níor cheart aon leithscéal a dhéanamh faoi sin. Tá ardlitríocht ar fáil i ngach aon teanga agus tá sí gann go leor mar sheánra, más seánra í, i litríocht na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Leagtar caighdeán teanga amach sa leabhar seo ar cheart a bheith mar sprioc ag léitheoirí na Gaeilge a bhaint amach, mar a leagtar i bhFraincis Hugo, i nGearmáinis Goethe agus i mBéarla Shelley.

Tá sé deacair léirmheas a dhéanamh ar scéal atá á inseacht ó lár na chéad mhílaoise mar is léirmheas ann féin é go bhfuil sé fós ar bhéal na ndaoine. Tá eolas éigin ag nach mór gach Éireannach ar Macghníomhartha Chon Chulainn nó ar Mhéabh Chonnacht a rinne scrios ag ár ó Chruachain soir ó thuaidh go Cuailgne agus í ar thóir an tairbh Donn Chuailgne, agus bhí an ceart ag an bPiarsach nuair a dúirt sé gur “scéal nár frítheadh a shárú in irisí ársa Fhodhla” a bhí sa Táin. Mar sin, tá an scéal atá ar fáil ar leathanaigh an leabhair seo chomh maith is a bhí riamh ach é curtha i láthair don chainteoir Gaeilge ar bhealach a mhúsclóidh bród ann as saibhreas a dhúchais féin.

Tá ardchaighdeán ag baint le leabhair Leabhar Breac, cé gur gá a rá anseo gur fhoilsigh an comhlacht mo leabhar féin anuraidh, agus cuireann an t-ardchaighdeán sin go mór leis an léitheoireacht féin. Tá an clúdach dorcha mealltach, tá an clófhoireann breá soiléir, agus tá an páipéar go hálainn faoin méir.

Bímis buíoch de Dharach Ó Scolaí as an tseoid seo a chur ar fáil den chéad uair do chainteoirí Gaeilge ár linne agus bímis ag súil le tuilleadh ‘nua-sheanchas’ óna pheann.

SCÉALTA EILE