Tá an dara heagrán sa tsraith Scéalta Thuatha Dé Danann linn, ina mbuaileann muid le Gráinne den chéad uair ag cluiche iománaíochta. Ní ise atá ag imirt… ach is soiléir go bhfuil draíocht de chineál éigin dá tarraingt ar shiúl óna leabhar.
Glacann Gráinne Holland ról an scéalaí arís agus ceol binn le Stephen Loughran agus Joseph Campbell McArdle á sheinm i rith an chláir. Tá Holland i mbarr a maitheasa an tseachtain seo agus muid ag foghlaim faoin chaoi ar bhuail Diarmuid agus Gráinne lena chéile. Is cosúil go bhfuil an grá san aer nuair a fheiceann Gráinne iománaí dathúil ar an pháirc agus tosaíonn fuadar ag borradh inti.
An grá amháin atá i gceist? Beidh le cluinstin in eagrán na seachtaine seo, ‘An Ball Seirce‘.
__________________________________________________________
Is féidir éisteacht leis an chéad eagrán thíos.