Scléip Ghael Linn agus imeachtaí eile

REIC – físdán le hEoin P. Ó Murchú 

Aoine 9 Aibreán @16:00 

Ta a fhios againn uilig faoin oíche filíochta REIC, ina mbíonn píosaí dátheangacha cumadóireachta á gcur ar stáitse. Ag an ócáid seo, craolfar an físdán nua a scríobh Eoin P Ó Murchú le deireanas ar YouTube REIC, taifeadtha ag Emma Ní Chearúil agus léirithe ag Ciara Ní É. 

Coirnéal an Cheoil 

Satharn 10 Aibreán @13:00 

Tar éis seachtain fhada, beidh an Chultúrlann ag eagrú giota beag siamsaíochta dúinn le Diane Ní Chanainn.

Beidh sé le feiceáil ar Facebook na Cultúrlainne.

Seoladh ‘Abair Os Ard É’ 

https://twitter.com/EnaGaeltachta/status/1380082701588381698

Domhnach 11 Aibreán @20:00 

Níl ganntanas scríbhneoireachta ann na laethanta seo i saol na Gaeilge, tá cnuasach filíochta nua scríofa ag na Ciarraígh in Abair Os Ard É  agus leithéidí Dairena Ní Chinnéide agus Treasa Ní Mhainín i measc na scríbhneoirí.

Beidh an seoladh le feiceáil beo ar Facebook Oidhreacht Chorca Dhuibhne 

Craobh Scléip 2021 

https://twitter.com/GaelLinn/status/1380189991746347019

Céadaoin 14 Aibreán @19:00 

Is é an tráth sin bliana é arís! Iad Niamh Ní Chróinín ó Raidió Rí-Rá agus Mícheál Ó Ciaraidh as MOC² a bheidh ina láithreoirí ar an oíche agus na gradaim á mbronnadh ar na ceoltóirí agus amhránaithe óga is fearr in Éirinn. Beidh NÓS ag tacú leis an ócáid arís i mbliana agus urraíocht déanta againn ar an nGradam don Amhrán Nuachumtha is Fearr

Is féidir breathnú ar an ócáid ar YouTube Ghlór na nGael 

Comórtais Liteartha an Oireachtais 

Ar oscailt go dtí an 1 Iúil 

Tá iarratais á lorg ag lucht Oireachtas na Gaeilge le haghaidh chomórtais liteartha na bliana 2021. Tá réimse leathan rannóg ar fáil d’aoisghrúpaí éagsúla – ó lucht bunscoile go daoine fásta. Má tá greannán, dán, script, nó leabhar scríofa agat, nó ar intinn agat a scríobh, seo deis le tapú! 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Oireachtas na Gaeilge.

SCÉALTA EILE