Agus spriocdháta d’iontrálacha 2017 ag teannadh linn, tá Gael Linn ag lorg Scléipeoirí, a bhfuil féith an nuacheoil, an damhsa agus na haisteoireachta iontu, mar aon le réalta óga trad chun páirt a ghlacadh sa mhórchomórtas ceoil thraidisiúnta Siansa.
Comórtas tallainne do na healaíona comhaimseartha é Scléip atá dírithe ar dhaltaí atá ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Gan trácht ar na damhsóirí agus na haisteoirí a bhain taithí luachmhar amach ar stáitse Scléip, is iomaí ceoltóir aitheanta – ina measc Dysania, Cathal ‘Bainseó’ Ó Cuireáin, Eve Belle agus Sonny Ní Chathasaigh (thuas) – a tháinig chun cinn ar ardán Scléip agus atá ag saothrú leo i ngort ceoil na nGael.
Is é an Luan 24 Deireadh Fómhair 2016 an spriocdháta d’iontrálacha do chomórtais Scléip na bliana.
Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha á n-eagrú roimh Nollaig in amharclanna ó cheann ceann na tíre, ina mbeidh deis ag amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí agus aisteoirí dul ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí.
Cuirfear tús leis na réamhbhabhtaí i dTaibhdhearc na Gaillimhe, ar an Mháirt 22 Samhain 2016; in Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí, ar an Chéadaoin 23 Samhain; in Amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar an Mháirt 29 Samhain agus in Amharclann an Gharáiste, Muineachán, Déardaoin 1 Nollaig, 2016.
Rachaidh na hiarrthóirí buacacha ar aghaidh chuig an chraobhchomórtas ansin san Amharclann Clasach, Baile Átha Cliath 2 Feabhra 2017. HUP!
Agus a cheoltóirí trad, tá sé in am agaibh a bheith ag smaoineamh ar ghrúpaí a chur le chéile do chomórtas Siansa na bliana seo chugainn chomh maith, mar gurb í Dé Máirt 1 Samhain an dáta deiridh d’iontrálaithe.
Tá an-cháil ar chomórtas Siansa i measc ceoltóirí traidisiúnta mar gheall ar an chaighdeán ard ceoil a bhíonn le brath ag oíche na craoibhe sa Cheoláras Náisiúnta.
Bíodh is gur comórtas atá i gceist, tugtar cabhair agus cúnamh do na ceoltóirí óga trí cheardlanna a eagrú dóibh le ceoltóirí cáiliúla.
Mar is gnáth, glactar le grúpaí de sheisear, seachtar nó ochtar ceoltóirí, idir 12 – 19 mbliana d’aois.
Is féidir leis na grúpaí teacht le chéile i scoileanna, eagrais nó cumainn, agus tá lán fáilte ag grúpa cairde teacht le chéile nach bhfuil aon bhaint acu le scoil ná le heagras ar leith.
Próiseas roghnaithe trí chéim atá i gceist le Siansa agus is gá do gach grúpa taifead a chur faoi bhráid na moltóirí ar dtús.
Tugaigí cluas le Círéib, as Coláistí Eoin agus Íosagáin, a tháinig sa chéad áit anuraidh.
Gach rath ar na Gaeil óga chruthaitheacha!
Cliceáil an cló dorcha le tuilleadh eolais a fháil amach faoi Scléip agus Siansa 2017!