Scoil Samhraidh Willie Clancy, ar líne!
Nár dheas a bheith i Sráid na Cathrach timpeallaithe ag cairde maithe agus ceoltóirí oilte ag Scoil Samhraidh Willie Clancy 2020. Ar nós scata féilte eile áfach, tá ócáidí na bliana seo bogtha ar líne. Tá ranganna eagraithe ag lucht na scoile agus cheana féin tá breis agus 950 duine cláraithe — mór an méid!
Is ar an mbonn sin, nach nglacfar le tuilleadh iarratas. Is féidir súil a chaitheamh ar leathanach Facebook na seachtaine chun éachtaint a fháil ar chuimhní geala na mblianta imithe tharainn, áfach. Is i gcomhar le Taisce Cheoil Dúchais Éireann go mbeidh buaicphointí ó na blianta 1986-2020 le feiscint ar ardáin éagsúla na heagraíochta as seo go dtí an Aoine seo chugainn – itma.ie, Facebook, YouTube agus Instagram!
Aoife Scott, dhá choirm ar líne, Dé Domhnaigh 5 Iúil 2020
Dáta don dialann! Ar mhaith leat amhrán agus ceol nua ó Aoife Scott a chlos? Bhuel, más ea, bí ina teannta (go fíorúil) Dé Domhnaigh agus dhá sheisiún á shruthú beo aici ar a suíomh idirlín!
Neostar dom nach amháin go gcloisfear saothar nua, ach go mbeidh aoi ana-speisialta ina comhluadar chomh maith. Cuirfear tús leis an gcéad choirm ag 20.00 am na hÉireann agus an dara seisiún ag meán oíche. Téir chuig an suíomh seochun ticéad a chinntiú. Beidh tú in ann féachaint siar ar an méid a thitfidh amach ina dhiaidh, má chailleann sibh an hócáidí beo!
Bord Gáis Energy GAA Legends Virtual Tours
Dóibh siúd a bhfuil spéis acu i gcúrsaí CLG, bí ar an eolas faoi shraith de chainteanna atá beartaithe do na seachtainí romhainn le réalta an spóirt! Déanfaidh iar-imreoirí peile agus iomána roinnt cainte faoina gcuid gaiscí ar pháirc na himeartha, agus iad faoi agallamh ag duine de threoraithe ó Mhúsaem Chumann Lúthchleas Gael, atá i bPáirc an Chrócaigh.
De ghnáth bíonn an tsraith seo ar siúl sa Mhúsaem i rith an tsamhraidh, ach toisc an áit a bheith dúnta, is ar an idirlíon a tharlóidh a leithéid. Go dtí seo, tá cloiste againn ó Jamesie O’Connor ó Chontae an Chláir agus Steven McDonnell ó Ard Mhacha.
Sna seachtainí romhainn, labhróidh Terence McNaughton ó Aontroim, ar an 1 Iúil; an Ciarraíoch Dara Ó Cinnéide ar an 8 Iúil; fear Thiobraid Árann, Eoin Kelly ar an 15; Stefan White, Co. Lú ar an 22 Iúil; mar aon le Joe Connolly na Gaillimhe ar an 29 Iúil agus Rena Buckley Chorcaí ar an 5 Lúnasa!
Téir chomh fada le suíomh Bord Gáis Energy’s Rewards Club nó chuig suíomh Chumann Lúthchleas Gael chun a bheith mar chuid den lucht féachana.
Traidphicnic, ar-líne 3-5 Iúil
Liosta le háireamh atá bainteach le himeachtaí Traidphicnic na bliana seo… i measc na n-aíonna, tá Séamus Begley, Téada, Síle Denvir, Sarah Ghriallais, Sarah Harvey, Na Rógairí, Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus Johnny Óg Connolly!! Níl ansin ach blaiseadh beag bídeach!
Beidh sé ar fad ar siúl ón 3-5 Iúil, go n-éirí ádh leo! Traidphicnic.com