Scoth an chultúir an ds seo

siamsa-rnag


SIAMSAÍOCHT: Compánach: The Music of Ireland, Amharclann an Pavilion, Dún Laoghaire / Dé Sathairn 21 Márta @ 21:00

Tá baint nach beag ag an gceoltóir Fintan Vallely le riar maith leabhar faoi chúrsaí ceoil.

Go deimhin d’fhéadfaí údar, bailitheoir agus eagarthóir chomh maith céanna a thabhairt air.

I measc a chuid saothar, tá ‘The Companion to Irish Traditional Music’, (eagrán a haon agus a dó!), agus is bunaithe orthu seo atá an cheolchoirm mhór seo, a bheidh ar siúl i nDún Laoghaire istoíche amárach.

Is mar chuid d’imeachtaí na féile leabhar Ó Bheann go Cuan atá an ócáid seo eagraithe.

Orthu siúd a bheidh páirteach sa seó ilmheánach closamhairc seo, beidh ceoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí: Fintan Vallely é féinigh; an fidléir Gerry O’ Connor; Tiarnán Ó Duinnchinn ar na píoba; duine de na hamhránaithe sean-nóis is deise liom féin, Róisín Chambers; agus an rinceoir Sibéal Davitt (thuas) le cúpla steip a dhéanamh.

Le linn an taispeántais cheoil beidh breis is 400 grianghraf le feiscint ar chúl na n-oirfideach, íomhánna de dhaoine, imeachtaí agus áiteanna faoi leith, tógtha ag Jacques Piraprez Nutan.


sean-tyrrell

CEOL: Seán Tyrrell agus Brendan Larrissey, Kilshanny House, Co. an Chláir / Anocht @ 20:00

Is i gContae an Chláir a bheidh an bheirt cheoltóirí Seán Tyrrell agus Brendan Larrissey le feiscint anocht.

Amhránaí breá é Seán, agus ceoltóir chomh maith céanna. Is ar an bhfidil a bhíonn Brendan ag seinnt.

I dteannta a chéile a chloisfear iad tráthnóna i dtigh breá Chill Seanaigh.


ris-pic

CEOL: Seoladh albam Rís, ‘Yahú’,  An Taibhdhearc / Anocht @ 20:00

Mar atá feicithe agaibh cheana, tá an banna ceoil Rís ag fáil faoi réir le halbam nua dá gcuid a sheoladh, ANOCHT!

Is le cúnamh ón bhfeachtas bailithe airgid Fundit atá an t-albam seo taifeadta acu, Yahú mar theideal air.

D’éirigh liom cóip a fháil roinnt seachtainí ó shin agus, glac uaim é a chairde, tá sé imithe go mór i bhfeidhm orm.

An amhlaidh a bheidh libhse? Beidh le feiscint anocht agaibh in Amharclann na Taibhdheirce, áit a seolfar é.

Beidh na baill – Breandán Ó hEaghra, Richie Ó hEadhra, PJ McDonagh agus Pat Ó Neill – ag seinnt amhráin uilig an albaim le linn na ceolchoirme agus is é fear RnaG, Rónán Mac Aodha Bhuí, a bheidh mar fhear an tí.

Go n-éirí an t-ádh leo.


ChesterBeattyLibary

STAIR: Turas Trí Ghaeilge, Leabharlann Chester Beatty / Dé Sathairn 21 Márta @ 14:00

Is mó Satharn a chaithim i nGairdín Chaisleán Átha Cliath.

Is álainn an áit í, agus tá draíocht faoi leith, im thuairim, ag baint le páirc bhreá i lár cathrach.

Is éalú atá ann, ar shlí, ón gceantar uirbeach, cé gur i ngort mór uaine na cathrach atá tú fós!

Níos deise arís atá sé agus an aimsir ina huain mheala ar lá samhraidh. An rud is annamh…

Cé go bhfuil laethanta, a iompaíonn ina dtráthnónta, caite agam ann, is beag cúis a bhí agam riamh cuairt a thabhairt ar Leabharlann Chester Beatty, atá buailte taobh leis an bpáirc.

Is ann a théim chun úsáid a bhaint as leithreas na mban, nó chun cupán milis caife a fháil le hól ar mo chompord, i mbrothall an lae (!).

Is bailiúcháin Sir Alfred Chester Beatty atá faoi dhíon na leabharlainne/hiarsmalainne seo.

Is ann atá cnuasach de lámhscríbhinní, priontaí, líníochtaí, ealaíon ornáideach agus seoda luachmhara eile an Uasail Beatty.

Tá trácht ar an Iarsmalann i sraith leabhar Lonely Planet agus iad á moladh dá léitheoirí toisc “é a bheith ar an iarsmalann is fearr in Éirinn, agus ar cheann de na hiarsmalanna is fearr san Eoraip chomh maith”.

Mór mo náir, admhaím, nach bhfuil turas ceart tugtha agam ar an áit go nuige seo.

B’fhéidir go mbeadh seans agam amárach agus Turas Trí Ghaeilge eagraithe faoi stiúir Jack Fitzgerald.

Beidh sé ar siúl óna dó a chlog, agus gealltar cupán deas tae nó caife tar éis an turais.


Tá na buaicphointí siamsa seo á gcur i láthair in éineacht leis an gclár Cormaic ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craoltar an mhír shiamsaíochta ar an gclár gach Aoine.

SCÉALTA EILE