Beidh togha na n-amhránaithe sean-nóis, chomh maith le ceoltóirí agus filí, i láthair ag ócáid ar líne a bheidh á reáchtáil ag Oireachtas na Gaeilge anocht le ceiliúradh a dhéanamh ar Nollaig na mBan.
Beidh buaiteoirí Chorn Uí Riada Caitlín Ní Chualáin, Máire Ní Choilm, Nell Ní Chróinín, Máire Ní Chéileachair, agus Máirín Uí Chéide i láthair chomh maith le Bláithín Nic Cána, a thug léi Corn Mháire Nic Dhonnchadha in 2019, agus Róise Nic Corraidh.
Beidh Caoileann agus Deirdre Ní Dhonnchadha, as Ráth Chairn, ar an ardán digiteach agus iad i mbun lúibíní, agus beidh Áine Durkin, Áine Ní Ghlinn, Máire Dinny Wren, Réaltán Ní Leannáin agus Róisín Sheehy ag aithris a gcuid filíochta.
Ó thaobh an cheoil traidisiúnta de, beidh mná Ráth Chairn, Caoileann agus Deirdre, ar an ardán arís chomh maith le Siobhán Ní Mhuimhneacháin agus Louise Cronin as Corcaigh.
Craolfar an ócáid, an chéad ócáid ag Oireachtas na Gaeilge in 2021, ar shuíomh an Oireachtais agus ar leathanach Facebook na heagraíochta anocht ag 20.00.