Seal sa tSín gan ghuthán? Ná smaoinigh air!

Itear rís, prátaí, cnóite agus núdáil chun bricfeast sa tSín. Ar fhreastalaí óstáin d’iarras caife lena gcois sin ar fad agus bhí sí lag ag gáirí fúm. Thug sí dom gloine uisce te. Nuair a iarrtar uisce óil, is gnách uisce te a sheirbheáil. Tá sláinte san uisce te, agus tá feabhas ar mo shláinte dhíleách ó chaitheas seal sa tír.

Bhí mé i gcaifé um thráthnóna agus níor thuig an róstóir na focail ‘americano‘ ná ‘latte‘. Ach tá taithí ag gach duine le haipeanna mearaistriúcháin agus is gearr go raibh cupán de leacht scothdhonn i mo ghlaic agam.

I mbialann istoíche bhí teanga lachan ar an menu mar aon le rogha feithidí friochta agus fiche míle rud eile. Ag bun an menu bhí promóisean á fhógairt – bia gan faic an lá a thógfar “thar’n ais” an Téaváin. Anuas air sin, deirtear nach fada an t-ocras a bheidh ar an té a fhanfaidh le cur i gcrích oifigiúil fhorghabháil Hong Cong. Is ea, ba mhinic im aigne ráiteas áiféiseach úd Father Ted (“the Chinese: great bunch of lads”), ach tá an taobh dorcha de ghníomhartha státchóras na Síne ann leis.

Dúirt tiománaí tacsaí sa limistéar Tibéadach liom gur chuir mo chroimeál agus mo mhuilitín stíl a athar féin i gcuimhne dhó, agus gurbh é an stíl chéanna a bheadh aige féin murach go gcuireann an stíl sin as do Shínigh ‘Han’ (an tromlach sa tír). Dúirt sé chomh maith leis sin nach ceadmhach do phobal an limistéir Thibéidigh pas agus nach féidir leo an tSín a fhágaint dá bharr. 

Ní cosúil go gcuireann ollstát na Síne aon bhac ar an éagsúlacht teanga, ámh. Bíonn comharthaíocht dhátheangach in úsáid sna limistéir inar gnách teanga eile seachas an Mhandairínís. Deirtear go mbíonn traenacha agus busanna in am i gcónaí, agus murab ionann agus tíortha ar nós na Gearmáine agus na Sualainne a ndéantar an ráiteas céanna ina leith, is fíor é i gcás na Síne. Déantar seic slándála x-gha ag gach stáisiún bus, traenach agus metro.

Má thaithníonn do vibe le duine, sínfidh sé chughat péire toitíní. Agus is ceadmhach gal a bheith agat i mórán gach aon áit – i ngiomnáisiam nó i bpictiúrlann, séid suas é más é is áil leat. Tá cosc ar ghalthoitíní a mbeadh aon bhlas curtha leo.

Ní mór VPN chun rochtain a fháil ar WhatsApp, Google nó Facebook, a bhfuil cosc orthu. Ní oibríonn mionaipeanna na Síne má tá do VPN gníomhachtaithe ar do ghuthán agat – ní mór a bheith ag gníomhachtú agus ag díghníomhachtú i rith an ama. Tá mionaip ar leithligh ann le haghaidh gach siopa, bialann nó seirbhís. 

Bíonn bainc chumhachta le fáil ar cíos ar gach sráid i ngach baile sa tSín geall leis agus mionaip arís le fáil lena n-aghaidh sin. Má tá cadhnra do ghutháin ídithe cheana, ní gheobhair banc cumhachta. Ní ghlactar le híocaíocht Visa ná Mastercard ná le cártaí íocaíochta fisiciúla eile an Iarthair. Mar sin féin, beidh an saol mór faoi do mhéar agat sa tír seo ach guthán lánluchtaithe, e-thiachóg íocaíochta agus na haipeanna cuí a bheith agat, agus is go mear a sheachadfar a bhfuil uait chughat.

SCÉALTA EILE