Sean-Nós na Fearsaide & 4 imeacht mhóra eile!


Kneecap (Versatile & Costello) / Voodoo, Béal Feirste, Déardaoin 1 Feabhra @ 20:00

Is gearr go mbeidh líon iomlán an airgid atá á lorg ag Kneecap dá bhfeachtas GoFundMe bailithe – moladh go deo leis an slua-mhaoiniú!

Níl siad i bhfad in aon chor ón £2500 atá á lorg acu le trí amhrán nua, móide físeáin, a chur os comhair an phobail.

Chun ceiliúradh a dhéanamh leo ar an ngarsprioc seo, bí ina dteannta i mBéal Feirste anocht, áit a mbeidh siad i mbun an cheoil agus na rapála i Voodoo in éineacht le… Versatile agus Costello!


Sean-Nós na Fearsaide / Áras Mhic Reachtain, Bóthar Aontroma, Béal Feirste, 2-3 Feabhra

Ní hamháin go mbeidh an nuacheol Gaeilge faoi lán seoil ó thuaidh sna laethanta amach romhainn ach tá an clár is cuimsithí riamh curtha le chéile le haghaidh Sean-Nós na Fearsaide.

Féile í seo atá á reáchtáil ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain le tamall de bhlianta agus tá plúr cheoltóirí sean-nóis na tíre ar liosta imeachtaí na bliana seo.

Osclófar an fhéile go hoifigiúil ag 8in san oíche amárach in Áras Mhic Reachtain i dtuaisceart na cathrach agus leanfaidh an amhránaíocht, ceardlanna, comórtais agus coirmeacha iontacha ar aghaidh go dtí luath maidin Dé Domhnaigh!

I measc na n-amhránaithe sean-nóis a bheas i láthair tá Conchubhar Ó Luasa, Éamon Ó Donnchadha, Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Máire Ní Mhaoilchiaráin, mar aon le Mairéad Ni Mhaonaigh as Altan, laochra na lúibíní Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill, agus na damhsóirí aitheanta Gearóid agus Pádraig Ó Dubháin.

Bheadh sé deacair an dream sin a shárú gan amhras mar sin faigh do thicéidí anois d’imeachtaí éagsúla an dá lá!


Éigse na Brídeoige / Uíbh Ráthach, Ciarraí, 2-4 Feabhra

I nGaeltacht Uíbh Ráthaigh a bheidh Éigse na Brídeoige ar siúl an deireadh seachtaine seo, le téama faoi leith idir chamáin, is é sin an fharraige.

Is ar an ábhar sin a bheidh cainteanna, léachtaí agus scannáin na féile dírithe.

Seolfar leabhair le Bríd Ní Mhóráin agus Biddy Jenkinson; taispeánfar an scannán Amhrán na Mara; agus labhrófar ar chreimeadh cósta, seoda na mara agus mapáil ghrinneall na farraige.

Beidh ceol le clos ó Dordán ag ceolchoirm na hÉigse agus seolfar dlúthdhiosca le ceol air ó Éigse na bliana seo caite.

Le gach eolas a fháil faoi na himeachtaí ar fad caith súil ar eigsenabrideoige.com


Imeachtaí Bhonn Óir Sheáin Uí Riada / Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh, 2-3 Feabhra

Roghnófar an buaiteoir do chomórtas ceoil Bhonn Óir Sheáin Uí Riada tráthnóna amárach i gCorcaigh.

An consairtín agus an bosca ceoil na huirlisí atá roghnaithe don gcomórtas i mbliana agus beidh ar na hiomaitheoirí ar fad taispeántas ceolmhar a chur ar fáil don lucht féachana in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh agus don lucht éisteachta i gcian agus i gcóngar, mar go gcraolfar imeachtaí na hoíche ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Anuas air sin, beidh triúr i mbun mionscrúduithe ar a gcumas, sin iad na moltóirí Noel Hill, Charlie Harrison agus Mick Mulcahy.

Beidh comhdháil ar siúl do cheoltóirí ar an Sathairn, nuair a bheidh deis acu dul i mbun cainte le leo siúd atá ag plé le cearta ceoil, deontais, árachais, srl.

Beidh urlabhraithe ó IMRO, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus eagraíochtaí eile nach iad ar an láthair.

Tráthnóna Dé Sathairn chomh maith, bí ag súil le scoth an cheoil mar go mbaileoidh iarbhuaiteoirí an chomórtais le blianta beaga anuas ar an láthair don gCoirm Órdha.

Beidh Oisín Morrison, Tim McHugh, Tiarnán Ó Duinnchinn agus Úna Ní Fhlannagáin ag soláthair an cheoil!

Deireadh seachtaine bríomhar, ceolmhar, lán go béal romhaibh amach más ar Chorcaigh atá bhur dtriail.


Gradam Ceoil TG4 / Halla Cois Cuain, Béal Feirste, Dé Domhnaigh 4 Feabhra

Ar ais go Béal Feirste chun críoch a chur leis an deireadh seachtaine – tar éis Kneecap agus Sean-Nós na Fearsaide ar ndóigh! – mar is ann a bheidh ceann de mhórócáidí an cheoil thraidisiúnta ar siúl i mBéal Feirste ar an Domhnach: Gradam Ceoil TG4.

Beidh coirm bheo ar bun sa Waterfront, áit a mbronnfar na gradaim ag duaisbhronnadh, a bheochraolfar ar TG4 agus TG4.ie.

Beidh siad siúd a gheobhaidh duaiseanna na bliana seo ar an ardán, Frankie Gavin agus Dé Danann, Clare Friel agus na Friel Sisters, Máire Ní Chéilleachair, Pádraigín Ní Uallacháin agus tuilleadh nach iad.

Bí in éineacht le láithreoirí na hócáide Páidí Ó Lionáird agus Gráinne McElwain ar an láthair nó ar an stáisiún féin, nó fiú ar na meáin shóisialta faoin haichlib #GCTG4.

SCÉALTA EILE