Seisear scléipiúil

Anuraidh thug muid 5 chúis daoibh le dul go Féile na Mí. Inniu tá muid chun seisear de laochra scléipiúla an cheantair a chur in aithne daoibh a bheas ina spreagadh agaibh aghaidh a thabhairt ar an mhion-oireachtas is fearr sa tír.


1) Seáinín agus Máirtín Chóil Neaine Pháidín

seanain

Mura ndéanfaidh tú ach rud amháin i Ráth Chairn, bí cinnte agus tú féin a chur in aithne do bheirt deartháireacha aitheanta ón cheantar, Seáinín agus Máirtín.

Agus tú ag dul i dtreo an bheáir, beidh Seáinín, atá i mbun steip thuas, ar an chéad duine a leagfaidh tú súil air agus é réidh le manglam milis na Mí a dhéanamh duit.

Ná bíodh aon fhaitíos ort má tá sé oibrithe amach ag Seáinín cé as tú a luaithe is a osclaíonn tú do bhéal.

Bí ag súil fosta go mbeidh aithne aige ar dhuine amháin ar a laghad ar fhás tú aníos leis nó léi.

Aimseoidh tú Máirtín (príomhphic), deartháir Sheáinín, ar an taobh eile den bheár. Tá an cháil amuigh air mar fhear a chuireann go mór leis an chóisir!

Cuirtear ‘Rí Ráth Chairn’ air i mBéal Feirste.

Fiafraigh de cén fáth ar thuill sé a leithéid d’onóir.


Órla Ní Cheallaigh

orla

Spéirbhean ildánach í Órla.

Beidh sí ag rith thart ó mhaidin ag eagrú na dtrófaithe do na comórtais cheoil agus amhránaíochta.

Le titim na gréine, beidh an bhean chéanna ag racáil léi le Banna Ráth Chairn i gClub na Féile, ceann de na buaicphointí ag Féile na Mí gach bliain.

Is damhsóir fiánta í Órla chomh maith – agus ní damhsa ar an sean-nós amháin atá i gceist againn!


Éanna Ó Cróinín

eanna

Píobaire aitheanta é Éanna i Ráth Chairn agus ar fud na tíre go deimhin.

Más ionann féile na bliana seo agus na féilte a bhí ann roimhe, is cinnte go raibh Éanna i mbun píobaireachta ó thráthnóna inné agus nach mbeidh aon stop leis go dtí maidin Dé Luain.

Seans go gcasfar ort é sna huaireanta beaga ag siúl na mbóithre dó agus an phíb faoina ascaill aige.

Ceol na hiarchóisire atá á chasadh aige – lean é mar atá déanta ag na mílte romhat!


Nollaig Ní Laoire

nollaig

Amhránaí mór í Nollaig i ndomhan an tsean-nóis a bhíonn ag múineadh amhránaithe óga Ráth Chairn i gcaitheamh na bliana.

Thug Nollaig an dara háit léi i gCorn Uí Riada, mórchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós, coicís ó shin ag Féile an Oireachtais i gCill Airne.

Nollaig abú!


Máirtín Ó Méalóid

mairtin

Duine de laochra móra Ráth Chairn é Máirtín a chuirfidh fáilte chroíúil romhat, agus scéal maith réidh ina bhéal aige le hinsint.

Labhraíonn Máirtín le chuile dhuine a thagann isteach sa Bhradán Feasa, áit a mbeidh an t-aiscean is fearr le linn an deireadh seachtaine.

Fear lán tallainne amach is amach ar fiú i gcónaí an iarracht é a mhealladh amach ar an urlár damhsa.

Bíodh an-Fhéile na Mí agaibh! 

SCÉALTA EILE