Tá séisíní ó gach póca den domhan ag teacht chomh fada leis an damhsóir sráide Emma O’Sullivan agus a leathanach nua ar busk.co seolta aici le cúpla lá anuas.
Agus muid ag brath níos mó ná riamh ar chártaí bainc, ní i gcónaí a bhíonn airgead tirim orainn.
Is maith mar sin go bhfuil a leithéid de shuíomh agus busk.co ann a ligeann duit séisíní a thabhairt do bhuscálaithe ar líne.
Ar shiúl dom sa chathair, is minic a chuaigh mé ag tochailt sa sparán agus gan oiread agus bonn ar fáil le cur i hata an ealaíontóra sráide.
Go deimhin, léiríonn suirbhé nua nach mbíonn sóinseáil faoi bhun €5 á iompar ag tuairim is 60% de dhaoine i gcathracha.
Chuige sin, tá Emma O’Sullivan (thuas), damhsóir aitheanta ar an seán-nós a bhíonn ag rince ar Shráid na Siopaí i nGaillimh, i measc na n-ealaíontóirí sráide atá ag breathnú i dtreo na teicneolaíochta.
“Caithfidh muid a bheith ag gluaiseacht ar aghaidh leis an aimsir,” arsa Emma le NÓS.
“Chuala mé trácht ar bhuscálaithe a bhíonn ag iompar inneall cártaí bainc!”
Fiú mura bhfuil airgid tirim orthu, is gá do bhuscálaithe a bheith tuisceanach, dar le Emma, go bhfuil daoine ag iarraidh tacú leo.
Mhínigh sí go bhfuil ardáin éagsúla ar fáil d’oirfidigh sráide a ligeann dóibh glacadh le séisíní ar líne agus go bhfuil busc.co i measc na gceann is rathúla.
“Tá sé an-chosúil le Facebook, ardán a mbím gníomhach air,” arsa Emma.
“Cruthaíonn tú leathanach agus próifíl duit féin ar Busk agus is féidir le daoine airgead a thabhairt duit tríd an leathanach sin.”
Mar aon le séisíní a chur ar fáil, is féidir oirfidigh a fhostú ar feadh seala tríd an suíomh le bheith i láthair ag cóisir, bainis nó imeacht eile.
“Tá gné shóisialta an-deas ag baint leis freisin,” arsa Emma, “a ligeann do bhuscálaithe ar fud na cruinne teagmháil a dhéanamh lena chéile.”
Mhínigh Emma gur bheartaigh sí dul i muinín busk.co mar go bhfuil fás mór tagtha ar líon na leantóirí ar Facebook le cúpla bliain anuas.
Tá beagnach 9,000 leantóir aici agus go leor acu as tíortha eile.
Tá Emma ag buscáil i nGaillimh le ceithre bliana anuas agus tá lucht féachana i bhfad níos leithne bainte amach aici leis an teicneolaíocht agus na meáin shóisialta.
“Nuair a bhím ag craoladh beo, faighim teachtaireachtaí ó dhaoine ag rá go bhfuil siad ag tiúnáil isteach ón Airgintín, ó Mhoscó, Tóiceo agus áiteanna nach iad.
“Is minic a fhaighim teachtaireachtaí ó dhaoine thar lear ag rá gur bhreá leo teacht go Gaillimh agus mé a fheiceáil i mbun damhsa ach nach bhfuil siad in ann ar chúis amháin nó eile.
“Deir siad gur mhaith leo tacú liom agus séisín a thabhairt mar sin cheap mé gur fiú an rogha a thabhairt do dhaoine é a dhéanamh ar líne.”
Agus gan ach cúpla lá caite ó seoladh a leathanach beo ar busk.co, tá “aischothú dochreidte” faighte aici.
Creideann Emma gur maith le daoine a bheith ag tacú leis na healaíontóirí sráide, fiú mura bhfuil siad mar chuid den lucht féachana ar an tsráid.
“Mothaíonn daoine go bhfuil ceangal acu le Gaillimh agus go bhfuil siad ag cur leis na healaíona sa chathair. Sin an méid atá á cur in iúl ó na teachtaireachtaí atá faighte agam go dtí seo,” arsa sí.
Gach oíche tar éis a bheith ag damhsa ar an tsráid, tagann Emma ar fhíseáin ar na meáin shóisialta di féin i mbun steipeanna.
“Tá sé an-éasca agam teacht ar fhíseáin nua dom féin ag damhsa, físeán a thaifead daoine amuigh ar an tsráid, agus roinnim iad ar mo leathanach féin.
“Ar bhealach, mothaíonn daoine go bhfuil siad mar chuid den lucht féachana amuigh ar an tsráid agus iad ag breathnú ar na físeáin.
“Cuisle na cathrach” iad na buscálaithe i nGaillimh, dar le Emma.
“Má léann tú léirmheasanna ar TripAdvisor, tá muid ar an rud is mó a luaitear ar fiú a fheiceáil agus tá muid i measc na dtarraingtí is fearr sa chathair.”
Go gcuidí na séisíní ar líne leo fanacht i measc na mbuaicphointí!