Scoil Samhraidh Mhic Reachtain // 27 Iúil – 01 Lúnasa 2020
Leanfaidh imeachtaí Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar aghaidh i mbliana ainneoin na paindéime. Is go fíorúil a bheidh na himeachtaí ar bun – ranganna, cainteanna, coirmeacha, seisiúin, agus araile, ag baint úsáide as Zoom agus Facebook.
Cuirfear tús leis na cúrsaí Gaeilge Dé Luain seo chugainn agus rogha de chúig leibhéal ar fad ar fáil, (Bunrang, Bunrang 1, Meánrang íochtarach, Meánrang uachtarach agus Ardrang).
Anuas ar sin, tá ranganna amhránaíochta sean nóis beartaithe le Doimnic Mac Giolla Bhríde agus is é Seanán Mac Aoidh a bheidh ag trácht ar ‘An Scéalaíocht: Croíshnáithe an Chultúir Ghaelaigh’ ag ócáid eile. Cloisfear ceol ó Chlann Mhic Corraidh ag seisiún a chraolfar beo ar Facebook agus scéalta is dánta ó Sheán Ó Muireagáin. B’fhiú cuairt a thabhairt ar leathanach Facebook na scoile do na sonraí ar fad!
Féile an Phobail // ar-líne, 30 Iúil – 9 Lúnasa
Ní fada uainn Féile an Phobail, a bhíonn go hiondúil ar siúl i mBéal Feirste uair sa bhliain timpeall an ama seo. Is bogtha ar líne atá na himeachtaí i mbliana agus iad le bheith ar siúl ar bhonn fíorúil.
I measc na n-ócáidí a sheas amach domsa agus súil á caitheamh agam ar an gclár, do bhí seisiún ceoil le Zoe Conway agus John McIntyre, ranganna cócaireachta ag díriú ar bhia idirnáisiúnta, turas fíorúil TaxiTrax, caint Noam Chomsky ar ‘An Domhan i ndiaidh na Paindéime’ agus Ceolchoirm Chluain Ard le Bernadette Morris, Ríoghnach Connolly agus an Nósadóir Gráinne Holland. Céatadán ana-bheag d’imeachtaí ar fad an chláir!
Oifig 2.0 – ócáid faoi leith le Tomás Mac Eoin // Déardaoin 30 Iúil @ 13.00 go fíorúil
Tá athruithe go leor curtha i bhfeidhm inár saol oibre le cúpla mí anuas agus tuilleadh fós i ndán dúinn, gach seans, nuair/má fhillimid ar an oifig. Sin go díreach an t-ábhar a bheidh idir chamáin ag Tomás Mac Eoin, Stiúrthóir Bhainistíochta ar an McKeon Group, an conraitheoir ildisciplíneach is mó in Éirinn.
Cuireann sé comhairle ar chuid de na comhlachtaí is mó ar domhain faoin teicneolaíocht is fearr a chabhróidh leo a n-oifigí a bhainistiú i ré iar-Covid-19. Cloisfear i mbun cainte é Déardaoin ag ócáid atá eagraithe ag Borradh, líonra sóisialta do lucht gnó le Gaeilge.
Pléifidh sé an saghas teicneolaíochta a bheidh á úsáid againn, an ról a bheidh ag an mbaile inár gcuid oibre i measc ábhar eile. Borradh.ie do na sonraí ar fad!
Seisiún amhránaíochta via Zoom le Nell Ní Chróinín // Dé Sathairn 1 Lúnasa @ 20:30
Beidh an t-amhránaí aitheanta Nell Ní Chróinín ina haoi speisialta ag ócáid atá eagraithe ag Ionad Séamus Ennis. Seo an tríú sheisiún sa tsraith seo atá tosaithe ag an gceoltóir aitheanta, Macdara Yeates, agus is é go deimhin a bheidh i bhfeighil ar an ócáid, a bheidh ar siúl via Zoom. Is féidir féachaint ar an mbeo-shruthú ar an oíche, ach an nasc seo a leanúint. Más tá aon cheist agat faoi conas féachaint air, sonraí Zoom, srl, déan teagmháil le lucht a’eagraithe info@tseac.ie