Beidh cabaret as an ngnáth ar siúl i mBéal Feirste ar an mhí seo chugainn. Insíonn duine den lucht eagraithe, Caoimhe Ní Chathail, dúinn faoin ócáid mhór…
An féidir leat a rá go bhfaca tú drag as Gaeilge riamh?
Ní féidir?
Bhuel seo anois do sheans!
Dé Sathairn 11 Samhain titfidh an cabaret is ‘queeráilte’ dá raibh ann amach sa Chultúrlann i mBéal Feirste, agus bheifeá ar mire gan freastal air.
Le chéile le OUTBURST Queer Arts Festival, tá Cabaret Queeráilte á reáchtáil ag muintir Liú Lúnasa, an fhéile imeallchultúir a bhí ar siúl cois cuain ag deireadh an tsamhraidh.
Oíche spleodrach ilghnéitheach cheiliúrtha atá geallta agus beidh fáilte roimh an uile dhuine theacht agus sult a bhaint as an olltaispeántas aerach.
Ní imeacht é seo a tharla riamh roimhe, mar sin ná bí ag dréim le haon rud ar leith agus, ag an am céanna, bí ag súil le gach rud ar an oíche!
‘Drag an tí’ na hoíche ná Madonna Kebab, a thiocfaidh an bealach ar fad ó Chontae Dhoire chun an slua a choinneáil ar a gcosa.
Ach ní hí Madonna Kebab an t-aon Bhanríon Draig a bheidh i láthair mar go mbeidh Cuntess Markebitch ann chomh maith chun ceacht staire a thabhairt don lucht féachana.
Is iomaí cinéal siamsaíochta a bheas mar chuid den Cabaret Queeráilte.
Ó dhamhsa boilg ón Áis le Antimony Tribal go haithriseoireacht ó rí na stáitse Dónall Mac Giolla Chóill go greann Sheáin Uí Cheallaigh agus filíocht Mhaolíosa Nic Éadaoin, is iomaí rud iontach agus queeráilte a bheidh ar an ardán le linn na hoíche.
Beidh tuilleadh siamsa le fógairt roimh an lá féin agus an ócáid spleodrach aerach is mó ag na Gaeil á heagrú den chéad uair riamh.
Ní gá suíochán a chur in áirithe ach molann muid a bheith ann luath chun spás a fháil.
Beidh beár ann ar an oíche le manglaim dheasa éagsúla daoibh ar fad.
Mar a deir siad, “aithníonn queeróg queeróg eile”!
Beidh An Cabaret Queeráilte ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn 11 Samhain ag 8in.