Tá tús curtha anocht le feachtas margaíochta ar líne atá ag tabhairt le fios go mbeidh féile mhór shamhraidh Ghaeilge ar siúl i Meitheamh 2016.
‘Ravelóid’ is ainm don fhéile dheireadh seachtaine a eagrófar ag Teach an Droichid Nua, taobh le Domhnach Bat, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Dearadh snasta comhaimseartha atá ar na póstaeir (thíos) atá á scaipeadh go forleathan ar na meáin shóisialta faoi láthair, iad ag cur in iúl go bhfuiltear ag siúl go bhfreastalóidh 5,000 duine ar Ravelóid thar 3 lá.
Níl aon sonraí eile le fáil fós ach tá sé á lua ar na póstaeir go bhfógrófar tuilleadh eolais faoin fhéile Dé Luain 26 Deireadh Fómhair.
Bhí go leor ráflaí ann le tamall anuas go raibh féile nua spleodrach á beartú don bhliain seo chugainn agus meastar go mbeidh sí ar aon dul le Electric Picnic ach gurb í an Ghaeilge teanga na n-imeachtaí agus na mbannaí ceoil.
Creidtear chomh maith go mbeidh campáil le fáil ar an láthair agus go gcuirfear réimse leathan siamsaíochta – nuacheol agus ceol traidisiúnta, greann, damhsa, litríocht, ceardlanna, cainteanna agus eile – ar fáil do na ‘Ravelóidithe’.
Gach samhradh bíonn an iliomad féilte ceoil ar siúl ar fud na hÉireann ach tá an chuma ar an scéal go mbeidh Ravelóid ar an chéad fhéile náisiúnta Ghaeilge dá leithéid le tarlú sa mhílaois úr.
Tá neart suime agus airde cothaithe cheana féin ag an fheachtas ar líne leis na céadta duine tar éis tacaíocht a léiriú don fhéile ar Facebook agus Twitter.
Is léir go bhfuil an saol Gaelach ag dúil go mór anois le scaoileadh an eolais iomlán faoi Ravelóid ar an Luan sin roimh Oireachtas na Samhna, nuair a bheidh sonraí maidir le clár na féile, agus ticéidí, ar fáil den chéad uair ar an suíomh raveloid.ie.
Mar a deir siad féin “tá sí ag teacht”… agus tá muidne ar bís!
An bhfuil sibhse?!