Seo Linn i Whelan’s agus ceithre imeacht eile

IMLÉ ag seinnt i bPOTA, Gael-Taca, Dé hAoine 13 Iúil @ 20:00

Tá ag éirí go seoigh leis an bpreabchaifé POTA atá in ionad Ghael-Taca Chorcaí. Ní hamháin go bhfuil bia blasta le fáil ann, agus seirbhís iomlán i nGaeilge, ach tá imeachtaí á n-eagrú acu chomh maith chun na sluaite a mhealladh. Meallfar iad cinnte le ceol an bhanna IMLÉ, mar is iad a bheidh i láthair Dé hAoine. Seo an chéad uair riamh don mbanna a bheith ag seinnt i gCorcaigh. Cuir fáilte chroíúil rompu, agus bí ann óna hocht. Idir an dá linn, tá albam leo ar Spotify, bí ag éisteacht leis, ionas go mbeidh tú in ann a bheith ag canadh leo!

Seo Linn, Whelan’s BÁC 14 Iúil; Cill Chainnigh, Set Theatre, 15 Iúil; Monroe’s Gaillimh, 21 Iúil.

Tá ceolchoirmeacha go leor a mbeadh suim ag lucht na Gaeilge iontu ar siúl an tseachtain seo. Loite a bheimid…. Seo Libh go hionad an cheoil, Whelan’s, le Seo Linn a fheiscint. Mar is eol do chuid agaibh, táid ar camchuairt faoi láthair, agus turais tugtha acu ar Chorcaigh, Béal Feirste agus Ros Comáin go dtí seo.  Tabharfaidh siad a n-aghaidh ní hamháin ar Bhaile Átha Cliath, ach ar Chill Chainnigh agus an Ghaillimh sna laethanta romhainn chomh maith.  Téir chomh fada le seolinn.com/gigs leis na sonraí ar fad a fháil i dtaca lena dturas. Guímid gach rath orthu!

Baoite, Taibhdhearc na Gaillimhe, 12-22 Iúil ‘18

Tá oiread cainte déanta le tamall anuas faoi dhráma nua Dharach Mhic Con Iomaire, Baoite, go bhfuilim ar bís ar fad é a fheiscint. Is sa Taibhdhearc a bheidh sé ar siúl mar chuid d’imeachtaí Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe. Scéal faoi chlann atá ag cur fúthu in iarthar na tíre atá i gceist leis an saothar seo, agus iad ag déileáil leis na constaicí a chuirtear rompu. Bíodh gur sin leanaí a thabhairt ar an saol, nó an agóid lena bhfuil baint acu, i gcoinne chomhlacht fraiceála mara. Léiriú cumhachtach, comhaimseartha atá geallta le haisteoirí aitheanta ár linne páirteach, cuirim i gcás Macdara Ó Fátharta, Seán T. Ó Meallaigh, Siobhán O’Kelly agus Diarmuid de Faoite, mar díreach cúpla sampla. Tá ról lárnach ag an gceol sa dráma seo, le Saileog Ní Cheannabháin agus Maitiú Ó Casaide á sholáthair. Tá sciob sceab ar thicéid creidim, mar sin is fiú go mór glaoch ar an amharclann go luath, le cinntiú go mbeidh spás ann! Ná fan ró-fhada…… 

Deireadh seachtaine mór, Tigh Leo, Mín na Leice, Dún na nGall, Dé hAoine 13 – Dé Domhnaigh 15 Iúil ‘18

Tá 50 bliain á cheiliúradh ag Tábhairne Leo i Mín na Leice i mbliana agus mar gheall air seo, tá deireadh seachtaine mór imeachtaí beartaithe acu. Cuirfear tús leis an gceiliúradh, nuair a chraolfar an clár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón dtábhairne.  Beidh Clannad agus Enya i measc na n-aíonna a bheidh le clos i mbun cainte agus ceoil le Michelle Nic Grianna óna 11am ar an Aoine. Beidh an tigh lán le ceoltóirí móra aitheanta Thír Chonaill Dé Domhnaigh ag ócáid a chuirfidh Daniel O’Donnell agus Moya Brennan i láthair. Beidh siad féin beirt ar an ardán le linn na hoíche, mar aon le T with the Maggies, Clann Mhic Ruairí, Niall Mac Eachmharcaigh, Aodh Óg Ó Duibheannaigh agus aíonna atá fós le fógairt! 

SCÉALTA EILE