Seo Linn, Rís, Poitín & eile…

Tá fearadh na fáilte Feirstí á cur roimh Ghaeil timpeall na tíre teacht go Béal Feirste an deireadh seachtaine seo, áit a mbeidh féile chultúir na Ceathrún Gaeltachta ‘Fleadh Feirste’ sa tsiúl.

I measc na mbuaicphointí i gclár na bliana, tá Seo Linn, An G-Spota le racairí Chonamara Rís, ‘Oíche na dTrí Chathal’, ceolchoirm agus seoladh leis an údar buach Tadhg Mac Dhonnagáin, gan trácht ar sheoltaí, ar thaispeántais agus neart eile.

Cuirfear tús leis an fhéile amárach ag 7in le hoíche speisialta i ndánlann Dillon sa Chultúrlann, áit a seolfaidh an Feirsteach clúiteach Cathal Goan taispeántas ealaíne nua ‘Idir Muir agus Sliabh’ le Cathal Póirtéir, agus a osclóidh ‘Na Ballaí Bána’ le Cathal Mac Fhionnghaile go hoifigiúil.

Ina dhiaidh sin ag a 8in, taispeánfar an chéad mhórscannán Gaeilge Poitín, leis an stiúrthóir iomráiteach Bob Quinn, a taifeadadh i gConamara sa bhliain 1978.

Poitin3

Réaltaí móra na hAoine ná Seo Linn mar is acusan a bheas an jab soilse na Nollag a lasadh ag 5in sula rachaidh siad ar phríomhardán na Cultúrlainne an oíche sin.

Is é an t-údar agus ceoltóir aitheanta Tadhg Mac Dhonnagáin a chuirfidh ceardlann ceoil na n-óg ‘Na Bapóga’ i láthair i gcomhpháirt le Futa Fata, maidin Dé Sathairn.

Beidh deis ansin ag daoine fásta éisteacht le Tadhg i mbun ceoil ag 3in san amharclann.

Is dual don fhéile aird a tharraingt ar leabhair nuafhoilsithe Ghaeilge agus ní haon eisceacht an bhliain seo.

I measc na bhfoilseachán nua, seolfar eagrán úr den leabhar mór do pháistí An Prionsa Beag, atá aistrithe ag Eoghan Mac Giolla Bhríde, leabhar nua le Myra Zepf Ná Gabh Ar Scoil, chomh maith Mise Raiftearaí – an Fíodóir Focal, a thug leis mórdhuais litríochta an Oireachtais ‘Gradam Uí Shuilleabháin’ i mbliana.

Anuas air sin, tá iontais bheaga eile sa chlár cosúil le hoscailt oifigiúil Ceiliúr an Choilm, siopa nua Gaelach taobh leis an Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál a thacaíonn le déantóirí Palaistíneacha – ag 12in Dé Sathairn – agus bronnadh speisialta ar Ghaelphobal Feirste de ‘Cartlann cheoil agus chainte Mharcais Uí Mhurchú’, a bhailigh Marcas thar thréimhse 40 bliain.

G-Spota agus Gearrliostaí Ghradaim Cheoil NÓS

Más craic, ceol agus scoth na cuideachta atá uait, beidh cóisir mhór an G-Spota ar siúl Dé Sathairn sa chathair cois cuain, a thabharfaidh réaltaí Chonamara Rís agus príomhamhránaí Bréag Caoimhín Mac Giolla Catháin ar ardán.

Ar an oíche chomh maith fógrófar na gearrliostaí do Ghradaim Cheoil NÓS atá á reáchtáil den chéad uair riamh i mbliana chun an nuacheol Gaeilge a aithint agus a cheiliúradh.

Ba mhór an líon ainmniúchán a fuarthas le breis agus 30 iontráil do ‘Amhrán Nuachumtha na Bliana’ amháin… comhartha dearfach ann féin!

Ris

Mura leor sin ar fad, tá teacht le chéile na bhfilí, turas treoraithe agus céilí mór ar chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl ar an Domhnach, le cinntiú go mbeidh tú iomlán traochta maidin Luain.

Tuilleadh eolais anseo.


COMÓRTAS: Cuirfear tús le Fleadh Feirste amárach agus tá dhá thicéad d’imeachtaí uile na féile le bronnadh againn ar léitheoir amháin. An cheist? Beidh aoicheoltóir eile ar ardán an G-Spota Dé Sathairn i dteannta Rís. Cé hé?

Cuir Tweet chugainn nó teachtaireacht Facebook le bheith san áireamh don duais iontach seo! 

 

SCÉALTA EILE