‘Seo Linn’ SnaG16

Réaltaí ceolmhara Seo Linn atá ina n-ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge i mbliana agus i bun ceoil agus cuairteanna fud fad na tíre.

As seo go ceann 17 lá, beidh imeachtaí ar siúl i gcúinní beaga agus ar stáitsí móra ar fud an domhain mhóir le daoine a spreagadh a gcuid Gaeilge a úsáid.

Ó Chomhdháil dhigiteach go Tráth na gCeist Trasatlantach agus oíche speisialta filíochta le REIC, turais Ghaeilge ar muir agus ar tír go Féile na Físe, seo chugaibh blaisín de mhórimeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2016, le spéirbhean Sheachtain na Gaeilge Sinéad Ní Dhomhnaill.


1) COMHDHÁIL: Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach/Ostán Conamara Coast, Gaillimh, Conamara, Déardaoin, 10 Márta, 9.30rn ar aghaidh.

digital 1

Tá ré nua chumarsáide ar leac an dorais agus fiosrófar áit mhuintir na Gaeilge sa saol atá romhainn ag an chomhdháil seo.

Déanfar eolas an bhóthair atá os ár gcomhair, faoi threoir shaineolaithe sna nuathionscail – réaltacht fhíorúil (virtual reality) agus an ríomhtheicneolaíocht.

Seans é seo ar léargas a fháil ar na deiseanna a bheidh ann chun na Gaeil a neartú agus le sodar a chur fúinn mar phobal.

Beidh painéal breá de chainteoirí a bheas ag déanamh cur i láthair, ina measc beidh Seán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir tuairisc.ie, Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir na hirise seo, Seán Cathal Ó Coileáin ó TG4 agus Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, mar aon le saineolaithe i réimse na meán digiteach.

Tuilleadh eolais anseo.


2) OÍCHE FILÍOCHTA: REIC Sheachtain na Gaeilge/Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Cearnóg Parnell Thuaidh, 10 Márta, 7:30in ar aghaidh.

Reic

Dánta, rap, amhráin, agus ceol a bheas a rá ar an taobh eile den tír ag na reiceadóirí an oíche chéanna!

Le linn na bliana, bhí Séamus Barra Ó Súilleabháin, Marcus Mac Conghail, Rónán Ó Snodaigh, Temper-Mental MissElayneous, Eva O’Connor agus MC Muipéad páirteach i REIC, oícheanta a mheallann slua mór Gael i gcónaí.

Cuirfidh bean an tí Ciara Ní Éanacháin fáilte roimh fhilí as gach cearn den tír agus moltar bhur ndeoch féin a thabhairt libh! HUP!

Tuilleadh eolais anseo.


3) SPRAOI: Tráth na gCeist Trasatlantach/Cultúrlann McAdam Ó Fiaich,Béal Feirste, Dé Céadaoin 16 Márta ag 7in. 

Elevate

Beidh Cumainn Ghaelacha ó thuaidh agus ranganna Gaeilge i dTuaisceart Mheiriceá ag dul in iomaíocht lena chéile trí nasc Google Hangouts um an tráthnóna cainte agus craic seo!

Tuilleadh eolais anseo.


4) TURAIS BHÁID: ‘Aillte an Mhothair’/Dúlainn, Co. an Chláir, gach lá den tseachtain ag 12.00, le linn Sheachtain na Gaeilge.

boat

Beidh fáilte roimh dhaltaí scoile teacht ar thuras báid amach ó chósta an Chláir agus foghlaim faoi Aillte an Mhothair, a d’éirigh 450 milliún bliain ó shin.

Agus tráchtaireacht Ghaeilge ón fhoireann in Doolin Ferries, caithfear súil ar ghnéithe éagsúla den timpeallacht mhuirí sa cheantar agus na coilíneachtaí éan a thagann gach bliain chun a ngearrcaigh a chothú.

Beidh lucht leanúna Harry Potter, ar bís go háirithe mar go bhfeicfidh siad dóibh féin pluais, a bhí le feiceáil i scannán Harry Potter.

Tuilleadh eolais anseo.


5) ‘Féile na Físe’, Lá an Fhorógra/scoileanna timpeall na tíre, Dé Máirt, 15 Márta.

Agus Lá an Fhorógra a reáchtáil in institiúidí oideachais ar 15 Márta 2016, beidh mórimeacht SnaG ‘Féile na Físe’ á reáchtáil ag scoileanna timpeall na tíre, chun fís cheannairí an Éirí Amach a cheiliúradh.

Mar chuid den ócáid speisialta, moltar do scoileanna an Féile Ghaeilge a chur ar chlár na n-imeachtaí acu i ndiaidh Ardú na mBratach agus ‘Oró sé do bheatha ‘bhaile’, amhrán a chum an Piarsach, a theagasc do na daltaí a bheas páirteach.

Tá coicís ann leis na hullmhúcháin a chur i gcrích!

Tuilleadh eolais anseo.


Níl anseo ach blaiseadh den mhéid a bheidh ar siúl fud fad an oileáin, coinnígí ar an eolas ar Twitter #SnaG2016, ar www.snag.ie agus ar an aip

SCÉALTA EILE