Seo roinnt imeachtaí duit!

siamsa-rnag


CEOL: Enda Reilly, Fia Rua, Christophe Capewell agus Eimear Lynch; Séipéal Finian, Bóthar Adelaide, BÁC / 31 Eanáir, 20:00

Bhí mé i mbun cainte leis an gceoltóir Enda Reilly an deireadh seachtaine seo caite, ag craobhchomórtas Scléip, de chuid Ghael Linn.

Bhíomar beirt inár moltóirí. Is duine álainn é Enda, agus taitníonn a chomhluadar go mór liom.

Dár ndóigh, bainim mórchuid taitnimh as a chuid cumadóireachta, ceoil agus amhrán chomh maith!

D’inis Enda dom Dé Sathairn seo caite faoi shraith cheolchoirmeacha dá chuid a bheidh ar siúl i Séipéal Finian, ar Bhóthar Adelaide.

Beidh Fia Rua – amhránaí agus ceoltóir atá lonnaithe sa Ghaillimh – ag soláthar an cheoil chomh maith.

Tiocfaidh sé chomh fada le Baile Áth Cliath anocht (Dé Sathairn) don gcéad cheolchoirm sa tsraith. Tabharfaidh Christophe Capewell agus Eimear Lynch aghaidh ar an ardán chomh maith, mar cheoltóirí taca.

Gealltar go mbeidh meascán le clos ó Enda – amhráin i nGaeilge agus i mBéarla; amhráin ar dhánta iad an chéad lá riamh agus amhráin faoi athrú aeráide (chum Enda amhráin faoin dtéama áirithe sin le teacht ar shlí éagsúil le cúrsaí eolaíochta a mhúineadh do dhaltaí scoile).

Más spéis libh bheith i láthair mholfainn daoibh na ticéid a cheannach anois ar líne.

Gheobhaidh sibh lascaine, má dhéanann sibh amhlaidh.

Mura ndéanann, is fiú go mór an táille iomlán a íoc, atá fós ana-réasúnta – €12.


3392_009Chanter double

TAISPEÁNTAS: ‘Ornamentation – explorations of glass sound and form’ le Róisín de Buitléar, Solstice Arts Centre, An Uaimh, Co. na Mí / Oíche oscailte, Déardaoin 5 Feabhra, 19:30

‘Ornamentation – explorations of glass sound and form’, an teideal atá ar thaispeántas dealbhóireachta de chuid an ealaíontóra Róisín de Buitléar, a seolfar go hoifigiúil i gCo. na Mí Déardaoin seo chugainn.

Is faoi Audrey Whitty, ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, a bheidh an cúram sin. Is le gloine go príomha a bhíonn Róisín gafa, ach tá ról lárnach ag fuaimeanna sa taispeántas seo chomh maith. Beidh tríocha píosa dealbhóireachta ar taispeáint – an méid is mó in aon seó dá cuid, le tamall de bhlianta anuas.

Tá iniúchadh déanta aici ar thréithe an ábhair agus ar an gcaidreamh eatramhach atá idir na píosaí de ghloine daite agus na fuaimeanna a thagann astu.

Tá míreanna fuaime lárnach sa taispeántas seo agus iad taobh leis na píosaí gloine éagsúla. D’oibrigh Róisín in éineacht le Liam Ó Maonlaí, don gné seo don dtaispeántas, agus tá a chuid amhránaíochta le clos sna giotaí fuaime seo.

Ar oíche na hoscailte, beidh Liam i láthair, agus ball eile an ghrúpa, Ré, Peter O’ Toole, le ceol agus amhráin.


eigse

FÉILE: Éigse na Brídeoige 2015: Leithinis Uíbh Ráthaigh, Co. Chiarraí / 30 Eanáir – 01 Feabhra

Tá Lá Fhéile Bríde ag teannadh linn, agus ní ró-fhada go dtí go mbeidh na laethanata ag dul i bhfad. Táim ag tnúth go mór le roinnt gile agus gréine!

Tá Éigse na Brídeoige ar siúl faoi láthair i leithinis Uíbh Ráthaigh i gCiarraí Theas.

Déantar ceiliúradh ag an bhféile chultúrtha dhátheangach seo ar thraidisiún na Brídeoige; teacht an Earraigh; athnuachan agus athfhás.

‘Creideamh agus Cré’ téama na hÉigse i mbliana, agus beidh na himeachtaí díríthe ar fhianaise creidimh spioradálta sa cheantar.

Bígí ag súil le ceolchoirmeacha, léachtaí, taispeántais, Aifreann agus turas seandálaíochta, i measc eile.

Tuilleadh eolais ar eigsenabrideoige.com


Tá na buaicphointí siamsa seo á gcur i láthair in éineacht leis an gclár Cormaic ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craoltar an mhír shiamsaíochta ar an gclár gach Aoine.

SCÉALTA EILE