Pop Up Gaeltacht: Ar Fud An Domhain

Satharn 27 Márta @18:00
Cothrom an ama seo anuraidh reáchtáladh an chéad Pop Up Gaeltacht ar líne mar gheall ar na srianta in aghaidh an víris chorónaigh. Beidh Pop Up idirnáisiúnta á reáchtáil an deireadh seachtaine seo le comóradh a dhéanamh ar an mbliain aisteach seo agus fáilte roimh chách ann. Beidh siamsaíocht, idir fhilíocht agus cheol, ar an oíche.
Tuilleadh eolais agus nasc ar fáil ar Facebook.
Más mian leat dán a léamh nó port a chasadh, ní gá ach teachtaireacht a sheoladh chuig eagarthóirí na hócáide!
Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-81 le Noel Ó Gallachóir

Satharn 27 Márta @20:00
Tá leabhar nua scríofa ag Noel Ó Gallachóir faoi aisteoirí Gaeltachta lonnaithe i nGaoth Dobhair. Scéalta ón tréimhse 1931-1981 atá sa leabhar agus seolfar beo ar YouTube í. Tá cuntas saibhir, cuimsitheach sa leabhar ar stair Aisteoirí Ghaot Dobhair i gcaitheamh na mblianta sin agus tá sé líonta lán de ghrianghraif áille agus d’ailt agus tuairiscí ó thréimhsí éagsúla.
Tuilleadh eolais ar Facebook.
Caint & Cabaireacht

Dé Céadaoin 31 Márta @18:30
Seo duit deis do chuid Gaeilge a úsáid! Tá Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach ag eagrú tráthnóna comhrá ar líne. Tabhair leat cupán tae, cúpla briosca agus tosaigh a cabaireacht!
Le freastal ar an imeacht, tá na sonraí ar fáil ag seomracaidrimh@mic.ul.ie
Podchraoltaí le Sinéad

Dé Céadaoin 31 Márta @13:00
Tabharfaidh an craoltóir raidió agus teilifíse Sinéad Ní Uallacháin léargas dúinn ar na podchraoltaí Gaeilge is spéisiúla atá i mbéal an phobail faoi láthair ag an imeacht seo atá eagraithe ag Oifig na Gaeilge UCD.
Is féidir clárú ar shuíomh UCD
Cogar Mogar – Víreas na Mífhaisnéise in Éirinn

Déardaoin 1 Aibrean @15:00
Is í Máirín Ní Ghadhra, láithreoir An tSeachtain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ina cathaoirleach ar an imeacht seo atá eagraithe ag RnaG agus Media Literacy Ireland ina gcíorfar scaipeadh an eolais mhíchruinn ar na meáin, go háirithe i gcás Covid. Craolfar leagan taifeadta den ócáid ar RnaG trí lá ina diaidh.
Is féidir clárú ar líne anseo.