Seoladh albaim Inni-K

siamsa-rnag


CEOL: Seoladh albam nua Inni-K, timpeall na tíre ar fad / 6 Márta – 25 Aibreán

Tá albam nua curtha i dtoll a chéile ag an gceoltóir Inni-K agus sraith cheolchoirmeacha beartaithe aici len é a sheoladh.

Anocht bheidh sí i dtigh tábhairne an cheoil, Coughlan’s i gCorcaigh, ar 9.30in.

Tá baint nach beag aici le ceantar Chorca Dhuibhne, agus is ann a dhéanfar an t-albam, The King has Two Horse’s Ears, a lainseáil, amárach, in ionad An Lab.

Is le cúnamh óna feachtas Fund It a bhailigh Inni-K, aka Eithne Ní Chatháin, an t-airgead don albam seo atá comhléirithe ag Stephen Shannon – an té a dhein taifeadadh air chomh maith.

Tá amhrán úr Gaeilge, Ar Gor, ar an albam mar aon le 11 traic eile.

innik-albam

Ní hamháin go bhfuil Inni-K ag canadh ar an albam ach ag seinnt chomh maith, ar an ukulele agus ar an bhfidil; Brian Walsh a bhí ar na drumaí, agus cnaguirlisí; Cormac O’Brien ar an dord; Seán MacErlaine ar an gcláirnéid agus Kevin Murphy ar an dordveidhil.

Tá liosta iomlán na ngigeanna, mar aon le ticéid chuig na hócáidí, ar fáil ar inni-k.com

6 Márta – Coughlans, Corcaigh
7 Márta – An Lab, An Daingean
19 Márta – An Droichead Nua, Cill Dara
27 Márta – An Grand Social, Baile Átha Cliath
28 Márta – Cora Droma Rúisc, Liatroim
9 Aibreán – An Uaimh, Co. na Mí
15 Aibreán – Phoenix Artist Club, Londain, Sasana
18 Aibreán – Cafe King, Briostó, Sasana
25 Aibreán – The Model, Sligeach


Ailbhe-Ni-Ghearbhuigh

LITRÍOCHT: Féile Imram Mhí an Mhárta, Baile Átha Cliath / 7, 8 Márta

Ní bhíonn deireadh go deo le fás agus forbairt na féile Imram, treise leo!

De ghnáth is i mí Dheireadh Fómhair a bhíonn príomhimeachtaí na féile ar bun ach le tamall de bhlianta anuas tá leathnú tagtha air le hócáidí eile pleanáilte i gcaitheamh na bliana.

Beidh trí oíche faoi leith siamsaíochta ar siúl an mhí seo, dhá cheann acusan i rith an deireadh seachtaine seo.

Amárach in Institiúid na hÉireann ar Shráid an Phiarsaigh, BÁC, a bheidh léamh speisialta de shaothar nua ó chuid de na scríbhneoirí is bisiúla sa tír, Éilís Ní Dhuibhne, Lorcán S. Ó Treasaigh, Orna Ní Choileáin, Proinsias Mac a’ Bhaird agus Liam Ó Muirthile.

Beidh Colm Ó Snodaigh i láthair agus amhráin á gcanadh aige.

Tá mo vóta caite agam ar son Ailbhe Ní Ghearbhuigh (thuas) agus a dán ‘Filleadh ar an gCathair’ atá san iomaíocht don dteideal, ‘an dán is deise le muintir na tíre’, i láthair na huaire (tá agaibh go dtí an Domhnach chun amhlaidh a dhéanamh, dála an scéil!).

Seans go ndéanfaidh sí é a aithris ag ócáid cheiliúrtha do Lá Idirnáisiúnta na mBan, an dara hócáid de chuid Imram, a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh beag seo.

Is é Cathal Póirtéir a bheidh ina fhear an tí ar an móroíche cheoil is filíochta seo, le scata ban i láthair – na filí Celia de Fréine, Biddy Jenkinson, Aifric Mac Aodha, Dairena Ní Chinnéide, Nuala Ní Dhomhnaill agus Caitríona Ní Chléirchín.

Beidh na hamhránaithe traidisiúnta Síle Denvir, Máire Ní Choilm agus Máiréad Ní Oistín ina dteannta.

Is i McGrattans ar Lána Mhic Liam a bheidh an ceiliúradh ar siúl, óna 8in.

Ar Lá Fhéile Pádraig, déanfar Tionscadal Kate Bush, ar éirigh go hana-mhaith leis ag deireadh na bliana seo caite, a athmhúscailt in Amharclann Smock Alley – beidh tuilleadh eolais agam faoi sin sna seachtainí romhainn!


kevin-mcaleer

GREANN: GaelGÁIRÍ, Róisín Dubh, Gaillimh / 7 Márta @ 20:30

Tá an club grinn GaelGÁIRÍ ar dul ar camchuairt le linn Sheachtain na Gaeilge.

Is chun na Gaillimhe atá a dtriail agus is ann a bheidh siad tráthnóna amárach, sa Róisín Dubh.

Beidh a chéad iarracht á dhéanamh ag an aisteoir, scríbhneoir, agus craoltóir aitheanta, Pádraic Breathnach, as stand-up as Gaeilge. Go n-éirí an t-ádh leis!

Ní leis féin a bheidh sé mar go mbeidh Kevin McAleer (thuas), Michael Mee agus roinnt fuirseoirí eile as Baile Átha Cliath ag insint a gcuid jócanna chomh maith, agus ag baint gáire ón lucht féachana.


Tá na buaicphointí siamsa seo á gcur i láthair in éineacht leis an gclár Cormaic ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craoltar an mhír shiamsaíochta ar an gclár gach Aoine.

SCÉALTA EILE