Seoladh albaim Na Bonny Men

siamsa-rnag


The Bonny Men, Seoladh Albaim, Séipéal Úinitéireach, Faiche Stiabhna / Dé Sathairn 28 Feabhra @ 20:00, cóisir ina dhiaidh sa Cobblestone, Margadh na Feirme.

Tá albam nua curtha i dtoll a chéile ag an mbanna The Bonny Men.

Moyne Road an teideal atá baistithe air, agus amárach a bheidh sé á sheoladh go hoifigiúil sa Séipéal Úinitéireach ar Fhaiche Stiabhna.

Tá an spás teoranta go maith san ionad, ní nach ionadh mar sin go bhfuil na ticéid go léir díolta don ócáid.

Ná bac sin mar go mbeidh cóisir iar-lainseála ar siúl go gairid ina dhiaidh i dtigh tábhairne an Cobblestone, i Margadh na Feirme agus beidh an Bonny Men féin i mbun ceoil!


Enda Reilly, Séipéal Naomh Finian / Dé Sathairn 28 Feabhra @ 20:00

Bhí caint agam cheana ar shraith cheolchoirmeacha de chuid Enda Reilly a bhíonn ar siúl in eaglais aitheanta eile, Séipéal Finian ar Bhóthar Adelaide.

Don dara huair i mbliana beidh fear Thamhlachta ag tabhairt faoin ardán (nó faoin altóir?) le meascán arís d’amhráin – i nGaeilge agus i mBéarla – amhráin gur dhánta iad an chéad lá riamh agus amhráin faoi athrú aeráide.

Is é Pearse McGloughlin, atá ag ceol le hEnda sa bhfíseán thuas, a bheidh ag seinnt roimhe.


kila-pic

Cabaret Craiceáilte, Tigh Hiúdaí, Gaoth Dobhair / Dé Sathairn 28 Feabhra @ 21:30

Ón bpríomhchathair go Dún na nGall linn anois agus go Cabaret Craiceáilte Rónáin, a bheidh ar siúl amárach.

Kabaret Kíla b’fhéidir a cheart dom a thabhairt air mar go mbeidh baill uilig an ghrúpa i láthair – Rónán, Colm, Rossa, Eoin, Senan, Dee, Lance agus Brian.

Beidh na Fá Dú Dá’s tagaithe ó Bhéal Feirste (ó sheoladh Sheachtain na Gaeilge) le bheith i láthair i dTigh Hiúdaí, mar aon le Na Cnaipí Damhsa agus go leor aíonna spásáilte eile a deirtear liom!


marcus

Marcus Mac Conghail, Scoil Lios na nÓg, Raghnallach / Déardaoin 5 Márta @ 20:30

Mar atá feicthe agaibh cheana ar an suíomh seo, beidh Marcus Mac Conghail ag seinnt i Raghnallach, seachtain ó inné, an 5ú Márta.

Ag seinnt roimhe ar an oíche beidh Claire Hyland agus Aisling Ní Laoire, beirt a bhí páirteach sa togra Amhrán do Phádraig, mar aon le Marcus.

Eisíodh dlúthdhiosca chun airgead a bhailiú don chiste Caring for Pádraig ag deireadh na bliana seo caite.

Gortaíodh go dona Pádraig Schaler i Meiriceá agus é ar shaoire J1 arú anuraidh agus tá cóir leighis á fháil aige ó shin.

Beidh Cian Mac Cárthaigh in éineacht le Marcus ar stáitse agus an dord á sheinnt aige.

A chuid amhrán féin a bheidh á rá ag Marcus.


BadAssCafe

Fios Feasa, Bad Ass Café, Barra an Teampaill / Déardaoin 5 Márta @ 19:00

Ar deireadh déanfar taifeadadh ar an gclár raidió Fios Feasa, a bhíonn ar Raidió na Life, sa Bad Ass Café i mBarra an Teampaill Déardaoin seo chugainn.

Is iad Brónagh Ní Chuilinn agus Emma Ní Chearúil láithreoirí an chláir.

Bígí cinnte go mbeidh siad ag labhairt leis an slua, agus baill Monster Monster, an banna ceoil Éireannach a bheidh i láthair, ag soláthar an cheoil ar an oíche.

Anuas air seo ar fad beidh bia ar fáil (saor in aisce!) agus lascaine ar ar roinnt deochanna – milis.

Bígí i láthair le bolg folamh agus bí cinnte bhur mbróga rince agus aon uirlisí ceoil atá agaibh a bhreith libh – beidh seisiún ar siúl i ndiaidh an chláir!


Tá na buaicphointí siamsa seo á gcur i láthair in éineacht leis an gclár Cormaic ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craoltar an mhír shiamsaíochta ar an gclár gach Aoine.

SCÉALTA EILE