Seoladh ‘The High Seas’ agus ceithre imeacht eile

Pop Up Gaeltacht Chorcaí, Tábhairne Fionbarra, Sr. Dúglais Dé hAoine 18 Bealtaine @ 20:00

Is iad muintir Chorcaí a bheidh ag spalpadh Gaeilge agus Pop Up na Bealtaine sa chathair ar siúl anocht! Is i dtábhairne Fionbarra, ar Shráid Dhúglais a bheidh an teacht le chéile míosiúil seo ar bun. Mar a bhíonn i gcónaí, tá agus beidh Fáilte Uí Cheallaigh roimh éinne a bhfuil spéis acu bheith i láthair. An t-aon ní gur gá cuimhneamh air, ná gurb í an Ghaeilge teanga labhartha na hoíche, cuma cén caighdeán. Bain súp as!

Seoladh Rita agus an Dragún, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste Dé Sathairn 19 Bealtaine @ 13:00

An leabhar álainn do pháistí, Rita agus an Dragún, a sheolfar i mBéal Feirste Dé Sathairn! Seo leabhar atá scríofa ag Máire Zepf agus é maisithe go slachtmhar ag Andrew Whitson. Tugtar cuireadh do pháistí móra agus beaga a bheith i láthair don ócáid seo, in Ionad álainn Gaelach Bhéal Feirste, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Seoladh albam an bhanna The High Seas, Amharclann Ghaoth Dobhair, Dé Sathairn 19 Bealtaine @ 20:00

The High Seas a thugann na ceoltóirí Ciarán Ó Maonaigh, Caitlín Nic Gabhann agus Cathal Ó Curráin orthu féin, nuair a thagann siad le chéile. Tá albam taifeadadh acu triúr, agus beidh sé á sheoladh amárach in Amharclann Ghaoth Dobhair. Cúig amhrán, ceol nua-chumtha agus ceol aitheanta traidisiúnta atá geallta ar an albam seo. Bí i láthair ag an ócáid le cóip a cheannach! Is féidir ticéad chuig an ócáid a fháil ar an nasc seo!

Saileog, Ailbhe, Pádraic, The Cobblestone, Dé Sathairn 19 Bealtaine @ 20:00

Beidh na ceoltóirí aitheanta, Pádraic Keane, Saileog Ní Cheannabháin agus Ailbhe Nic Dhonncha ag soláthair an cheoil i Margadh na Feirme stoíche amárach! Sea, is i dtábhairne an Cobblestone a bheidh siad triúr do choirm ag a mbeidh meascán d’amhráin ós Na Déise agus ó Chonamara le clos. Beidh ceol acu chomh maith, gan dabht! Beidh deartháir agus deirfiúr Shaileog ina n-aoi-cheoltóirí, sin iad Eoghan agus Muireann. Slí álainn phléisiúrtha chun an tráthnóna a chaitheamh.

 

Taifead an chláir, Ceilí House, Tigh Chualáin, Indreabhán, Dé Sathairn 19 Bealtaine @ 19:45

Beidh an clár ceoil traidisiúnta a bhíonn ar Raidió 1, Céilí House á thaifeadadh an deireadh seachtaine seo i gConamara. Is i dtigh Chualáin a bheidh Kieran Hanrahan agus criú an chláir, agus iad ann ar cuireadh ó lucht eagraithe na féile Traidphicnic! Seo an tríú bliain i ndiaidh a chéile go bhfuil a leithéid déanta, agus tá fáilte roimh lucht éisteachta/féachana, ach a bheith ann ag tuairim is 7:45.

SCÉALTA EILE