Bhuaigh an file Gaeltachta Sam Ó Fearraigh, as Gort an Choirce i nGaeltacht Thír Chonaill, an comórtas Slam Filíochta Liú Lúnasa lena dhán ‘Seanchas na mBan’ ag an deireadh seachtaine.
Sa dara háit bhí an file as Corcaigh Julie Fields, nó Julie Goo mar is fearr aithne uirthi i saol na filíochta slam in Éirinn, lena dán ‘An Rás’; agus sa tríú háit bhí Eoin P Ó Murchú as Gleann Cuilinn i mBaile Átha Cliath, lena dhánsa ‘Géarchéim’.
Ghlac os cionn deichniúr filí páirt i gcomórtas Slam Filíochta Liú Lúnasa i mbliana, comórtas a reáchtáladh ar líne den dara bliain as a chéile mar gheall ar scaipeadh an víris chorónaigh. Ba í Sinéad Ní Uallacháin a bhí ina bean tí ar an ócáid agus ba iad Ciara Ní É, Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin a bhí ina moltóirí ar an gcomórtas.
Bhuaigh Sam £500 agus ticéad d’Fhéile na Gealaí 2022, bhuaigh Julie £200 agus bhuaigh Eoin £100.
Is é an Slam Filíochta croílár na féile Liú Lúnasa atá ar an bhfód le cúig bliana anuas.