Tá mé ar ais agus tá mé cinnte de go bhfuil sibh ar fad ag smaoineamh — ‘Faoi dheireadh’. Bhí mé gnóthach ag déanamh rudaí cosúil le bheith i mo réalta físeán ceoil (níos mó faoi sin níos déanaí), a bheith i mo bhanríon zen pilates (buíochas le Studio 52), agus i ndáiríre a bheith ullmhaithe don ollscoil (buíochas le Connect The Dots Design as an fhéilire). Ach ná bígí buartha, tá mé ar ais leis na scéalta agus na daoine is fearr liom sa Ghaelsféar. Mar sin faigh cupán tae agus déan réidh do ‘Andúil na Míosa’.

Mí úr, iris nua á cruthú trí mheán na Gaeilge (lig achan duine na gártha molta astu). Ní hamháin an Ghaeilge, ach Gaeilge ghalánta Uladh! Tá mé thar a bheith sásta Beth Nic Aodha a fheiceáil ar an fhiontar nua seo, ag cur Gaeilge chun cinn le grafaicí bríomhara fionnuara spraíúla, le hagallaimh agus le go leor eile.
Is faoin ainm ‘Glór Nua’ a cruthaíodh í tar éis rath na hirise agus an leathanaigh meán sóisialta do An Taibhse (an chéad scannán uafáis trí mheán na Gaeilge a stiúir John Farrelly).
Beidh réimse ábhar i ngach eagrán dírithe ar chur chun cinn na teanga d’fhoghlaimeoirí, lena n-áirítear imeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na tíre agus Gaeilgeoir na Míosa. Cé acu mise nó nach mise an mhí seo… ligfidh mé duit an t-eagrán a léamh duit féin! Ag tnúth le feiceáil cad atá i ndán don iris seo.
Instagram – @glor.nua

Ní alt NÓS a bheadh ann gan trácht ar Chonor Torbóid AKA an rapálaí (agus an t-eagarthóir) is fearr liom. Tá a fhios agam go bhféadfaí é sin a léamh mar shearbhas ach is dóigh liom go mbainfinn an gradam as a bheith ina lucht leanúna is mó.
An mhí seo caite bhí deis agam agus ag mo chomhpháirtí Aibreán a bheith mar aisteoirí sa chéad fhíseán ceoil de chuid Torby — ‘Na Na’. (Is dócha gur cur síos níos fearr é réaltaí solais ar ár bhfeidhm le bheith macánta.)
Ní hamháin go raibh muid inár n-aisteoirí ach bhí muid mar shaoistí soilse fosta, agus ar ár liosta scannánaíochta bhí an Chultúrlann, Cnoc an Anfa, Tí Mhadáin, Bóthar an Lóiste Úir, agus sa Sloans. Más rud é go bhfuil tú i do chónaí in áit ar bith eile den tír, mholfainn duit dul ar oíche amuigh i Sloans!!!
Seachtain i ndiaidh eisiúint an amhráin agus na físe, bhí deis againn Torby a fheiceáil ag a cheolchoirm d’iarchóisir KNEECAP. Sílim go raibh muid ar na daoine is glóraí san áit. An chéad ról eile don fhíseán ceoil cinnte, an t-amhrán i bhfostú i mo cheann, agus mar thoradh air sin bhain ‘Na Na’ an platanam amach ar mo Spotify.
Instagram – @torbeezy
Spotify – @torby

Scéal eile ó shaol an cheoil i mBéal Feirste, an uair seo faoin bhanna indie rac The Shan Vans. Díríonn teachtaireacht an bhanna ar dhíchoilíniú trí úsáid na Gaeilge agus uirlis an cheoil mar ghníomh díchoilínithe.
Arís, b’fhéidir go bhfuil mé ar an lucht leanúna is mó atá acu. Tar éis dom iad a fheiceáil ag seinm i Raidió Fáilte, d’eisigh siad dhá shingil, a sheinn siad ag Picnic Leictreach agus ag Féile na Gealaí. Tá an banna ag eisiúint singil nua leis an fhile Mikey Cullen dar teideal ‘The Shan Van’, singil a chuireann béim ar an dlúthpháirtíocht leis an Phalaistín. Bhí breis agus 100 ealaíontóir páirteach san fhíseán ceoil agus thóg sé timpeall bliana é a chumadh agus a dhéanamh.
D’fhás baill an bhanna go léir aníos i mBéal Feirste agus tá scéalta le hinsint acu faoin tionchar imreodh orthu agus ar a ngairm bheatha agus ar a roghanna ceoil. Tá a nguthanna láidre spreagúil agus tá mé ar bís le feiceáil cad a dhéanfaidh siad in 2025.
Instagram – @theshanvans
Spotify – @theshanvans

Ina dhiaidh sin tá Storm Eaton thar a bheith cumasach againn. Is láithreoir í Storm ar Raidió Fáilte, ach déanann sí beagán de gach rud. Tar éis di an cúrsa iomráiteach ILBF a chríochnú, d’aimsigh Storm post leis stáisiún. Níor caitheamh bliain iomlán fiú sular ainmníodh í do Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024. Éacht é sin. Lig dom cuid dá héachtaí eile a lua!
Cuireann Storm ‘Moch ar Maidin’ i láthair, seó raidió laethúil a chraoltar ar maidin. Le hagallaimh, cúrsaí reatha, agus siamsaíocht déarfainn gur iomaitheoir láidir é i gcoinne na seónna maidine Béarla. Tá ‘Úrnua’ aici freisin, sraith podchraoltaí a phléann siamsaíocht agus cúrsaí reatha an phopchultúir. Sa phodchraoladh seo tá agallaimh le celebs an domhain Ghaelaigh agus is féidir éisteacht leis ar an raidió nó ar Spotify.
Tá sí i mbun cúrsaí scileanna raidió atá dírithe ar léiriú, cur i láthair, taifeadadh, agus craoladh. Chomh maith leis sin, d’eagraigh sí ‘Malartú agus Meascadh’ le linn Liú Lúnasa, ina raibh daoine ábalta eadaí a mhalartú agus ceardlann dioscmharcaíochta a dhéanamh.
An rud is fearr liom a rinne sí áfach ná sraith podchraoltaí randamach ar Napoleon. Tá sé ag tabhairt ‘méin bhaineann’.
Coinnigh súil ar achan rud ina mbíonn sí ag déanamh, tá achan rud fiúntach agus suimiúil.
Instagram – @stormeaton ⁊ @raidiofailte
Spotify – @mocharmaidin ⁊ @úrnua
TikTok – @stormasgaeilge

An chéad rud eile a mbeidh mé ag caint faoi ná Barbie, ach ní ar Margot atá mé ag caint, ach ar Laura. Muna bhfuil aithne agat uirthi, coinnigh suas! Is réalta TikTok í Laura Pakenham agus oibríonn sí mar chuid den fhoireann Cúla4 chomh maith.
Ó thosach, bhí Laura ina múinteoir ach thosaigh sí ag cruthú ábhair foghlama ar líne trí mheán na Gaeilge agus chuaigh a cuntas TikTok ó neart go neart. Tá 28.9k leantóir aici ar a leathanach agus bíonn sí ag cur postálacha suas atá dírithe ar fhoghlaim na Gaeilge. Bíonn sí ag vlogáil a saoil agus is léir go bhfuil sí ag cothú suim sa Ghaeilge, go hairíthe i dtíortha eile.
Instagram – @laurajpakenham
TikTok – @laurajpakenham

Ó thionchaire amháin go ‘miontionchaire’ eile (a fhocail féin, geallaim daoibh) tá Cúán de Búrca againn.
Chuala mé trácht ar Chúán den chéad uair nuair a tháinig físeán dá chlár raidió ‘Airneán’ anuas ar mo leathanach taiscéalaíochta ar Instagram. Ba chlár raidió é ‘Airneán’ a craoladh ar Raidió na Life cúpla bliain ó shin le Cúán agus James Shannon (tuilleadh air níos déanaí.) Is cuimhin liom ag an am a bheith chomh tógtha sin leis na scigí seo a chruthaigh siad dá gclár raidió, agus is cuimhin liom go raibh a fhios acu go raibh siad chun dul i bhfad.
Ag dul siar go Gradaim NÓS 2024, shiúil mé isteach agus chonaic mé fear a raibh culaith trí phíosa air. Samhlaigh vaidhbeanna ‘granda’ sna 80idí, agus sin Cúán. Ag déanamh agallaimh do BlocTG4 a bhí seo, agus tá dea-chlú bainte amach aige mar iriseoir agus cruthaitheoir ábhair.
Ansin bhí sé ag obair mar intéirneach le TG4, agus caithfidh mé a ádmhail go raibh na fiseáin thar barr, níos sollúnta ach le guth Chúáin go fóill ann.
Anois thig leat é a fheiceáil ar TikTok (ag déanamh ‘feisteas an lae’) agus ar Insta ag cruthú sgicí chomh maith. An sgice a mbeidh mé ag caint faoi ná ceann le mion-TikToker eile, ach b’fheidir gurbh fhearr an focal ‘meán-’ sa chás seo, Eoin P. Ó Murchú.
Scige darb ainm ‘Cupán Deas Tae’, bhí an-mheas agam ar an scríbhneoireacht agus ar an chaoi a raibh Cúán in ann cuma níos deise a chur ar Bhaile Átha Cliath (mar eolas, is mise fuathaitheoir #1 BÁC). Níor thuig mé an coincheap, cé go dtiocfadh leat a rá gur dócha gur sin rún Chúáin le gach píosa oibre a chuireann sé amach, agus bhí an ghéarchéim mheánaoise i bhfoirm fáinne cluaise ar Eoin P. Ó Murchú. Díreach cosúil le scannán indie, bhí mé mearaithe faoin mhéid a chonaic mé agus níl mé go hiomlán cinnte cén fáth ar fhéach mé ar an rud ar fad. Siamsúil mar sin féin.
Má bhíonn deis agat Cúán a fheiceáil ag seinm beo, ag déanamh seit grinn, ag aithris filíochta, nó pé rud, mholfainn go mór duit é sin a dhéanamh.
Instagram – @cuan.deburca ⁊ @murchadhmor
TikTok – @cuan.deburca ⁊ @murchadhmor

Ba é an ceoltóir is léiritheoir atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Cian Mac Cárthaigh, a bhunaigh IMLÉ. Comharghrúpa é a sheinneann i nGaeilge agus a mheascann go leor stíleanna ceoil idir trip-hop agus dreampop agus indie. Tá Mac Cárthaigh sa bhanna le Neil Ó Briain agus na baill nua, James Shannon agus Róisín Seoighe. IMLÉ: meascán mearaí de stíleanna ceoil atá ann le fada, ach is le déanaí a thosaigh na réaltaí nua Róisín Seoighe agus James Shannon ag cruthú fuaim nua.
Úsáideadh leagan nua acústach den amhrán ‘Peacach’ ag tús an chláir BODKIN a tháinig amach in 2024 ar Netflix. Tá 460k sruth bainte amach ag an traic agus tá 24,000 éisteoir mhíosúla ag an bhanna ar Spotify. Mheall IMLÉ 2000 leantóir nua ar an ardán i mí na Nollag amháin, méadú de 400%. Thosaigh an t-amhránaí as Conamara, Róisín Seoighe, amach mar amhranaí ar an tSean-nós agus ansin thosaigh sí ag cruthú ceoil le IMLÉ. Chomh maith le Róisín, tá an Baile Átha Cliathach James Shannon ina measc ag rapáil.
Más rud é go bhfaigheann tú an seans le dul ar cheann de cheolchoirmeacha IMLÉ, mholfainn daoibh dul. Beidh siad ag seinm in The Grand Social Dublin ar an 14 Márta!!! 10/10! Thar barr!
Instagram – @imle_ceol ⁊ @roisin_seoighe ⁊ @jamesshannonmusic
TikTok – @funorm ⁊ @roisinseoighe ⁊ @jamesshannonmusic